Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Peadar 1:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n‑éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Deimhníodh mar sin dúinn briathar na bhfáithe. Is fearr daoibh aire a thabhairt dó, mar a bheadh do lampa ag lonradh in áit dhorcha, go dtí go mbánaíonn an lá agus go n-éiríonn réalta na maidine in bhur gcroíthe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus atá briathar na tarngaire níos daingne go mór againn; agus ba cheart daoibh aire do thabhairt dó, mar thiubhradh sibh do lóchrann ag soillsiú i n‐áit dorcha, nó go ngealaidh an lá, agus go n‐éirighidh réalta na maidne ’n‐bhur gcroidheachaibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus atá aguinn bríathar na bhfáidheadh as deimhnighe ná sin; dana maith do ní sibh aire do thabhairt, amhuil do lóchrann shoillsigheas a nionad dhorcha go soillsiughadh an láoi, agus go héirghe do réult na maiden ann bhur gcróidhthibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.

Féach an chaibidil Cóip




2 Peadar 1:19
27 Tagairtí Cros  

Is lóchrann do mo chosa do bhriathar; is solas do mo chosán é.


Is lóchrann í an aithne seo agus is solas é an teagasc; is modh beatha an ceartú agus an smacht,


Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha, a sholas na solas agus a mhic na maidine! Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú, tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!


Cé a d'fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn? fadó riamh, chun go ndéarfaí: “Tá sé ceart”? Ach ní raibh duine ar bith ann a d'fhoilsigh é, duine ar bith a d'fhógair é, duine ar bith a chuala focal uait.


chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.


Chuir tú go mór lena n‑áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair, mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.


an pobal a bhí ina suí sa dorchadas, chonaic siad solas mór, an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis, d'éirigh solas chucu.”


Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.


Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,


Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”


sibh a staonadh ó nithe íobartha agus ó fhuil agus nithe tachtaithe agus ón bposadh coil. Má staonann sibh ó na nithe seo, beidh an ceart á dhéanamh agaibh. Slán agaibh.”


Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.


Má deimhníodh an teachtaireacht sin a fógraíodh trí bhíthin aingeal agus má cuireadh pionós cuí ar gach sárú agus briseadh dá ndearnadh uirthi,


Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.


Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú.


An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin.


Is inmholta a chruthóidh tú, á seoladh siúd chun bealaigh mar is cuí do sheirbhís Dé.


agus tabharfaidh mé dó réalta na maidne.


“Mise, Íosa, a sheol m'aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí. Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí