Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich.
A né nach sbiorada freasduil íad uile, churthar a mach chum miniosdrálachda ar son na druinge gheubhus oighreachd an tslánaighthe?
Do ní aingeal an TIGHEARNA campa go cruinn a ttimchioll na druinge air a mbí a eagla, agus sáoruidh sé íad.
Féuch, cuirim Aingeal romhad, dot choimhéud annsa tslighe, agus dot bhreith do náit do ullmhaigh mé.
Tabhruidh dá bhur naire nach dtabhartháoi tarcuisne air éinneach don mhuinntir bhigsi; oír a deirim ribh, Go bhfaicid a naingilsion aír neamh do ghnáth aghaidh Mhatharsa a tá ar neamh.
Do chuir mo Dhía a aingiol, agus do dhruid sé béil ná leomhan, iondus nar ghortuigheadar mé: do bhrígh gur fríth neimhchionta ionnam dá lathair; agus fós ad fhiaghnuisisi, a rígh, ní dhéarna mé urchóid ar bith.
Agus do imthigh Iacob roimhe na shlighe, agus tárla aingle Dé ris. Ní fiú mé an chuid as lúgha dot thrócaire, agus do nfírinne noch do thaisbéin tú dod óglach: óir lem bhata tháinig mé tar an iordáinse; agus a nois atáim dhá bhanna. Sáor mé, iarrum ort, ó láimh mo dhearbhrathar, ó láimh Esau: óir atá eagla agus roimhe, dfaitchios go ttiocfadh, agus go mbuáilfeadh mé, agus an mhathair maille ris an ccloinn. Agus a dubhairt tusa, Go deimhin do dhéuna mé maith dhuit, agus do dhéuna mé do shíol mar ghaineamh na fáirge nach féidir áireamh ar a iomadamhlachd. Agus do fhosuidh se ann sin a noidhche sin féin; agus do bhean sé as an ní ráinic chum a láimhe, bronntanus ré thabhairt dá dhearbhrathair Esau. Dhá chéad gabhar baineánn, agus fithche poc, dhá chéad cáora bhainean, agus fithche reithe. Tríochad chámhall bainneann goná mbromchuibh, ceathrachad bó, agus deich ttairbh, fithche assal baineann, agus deich searruigh. Agus do sheáchuidh se íad a lámhuibh a sherbíseach, i gach éntsealbh ar leith, agus a dubhairt ré na sherbhíseachuibh; Gluáisigh thairis a nonn romhamsa, agus cuirigh spás eidir gach dá sheilbh. Agus do aithin don chéad luchd, dá rádh, A nuáir theigeómhas mo dhearbhrathair Esau riot, agus fhíafrochus díot, ag rádh, Cía léar leis thu? agus cáit a racha tú? agus cía lear leis íad so romhad? Ann sin a déura tusa, Is lé do sherbhíseach Iácob íad so; is tiodhlaiceadh é do cuireadh chum mo thighearna Esau; agus féuch, atá sé féin mar an gcéadna ar ndíaigh. Agus is mar sin do aithin sé don dara, agus don treas luchd, agus don méid do lean na sealbha, ag rádh, Ar an modh so laibhéorthaoi ré Hésau a nuáir go gheabhthaói é. Agus a nuáir do chonnairc Iacob íad, a dubhairt sé, A sé so slúagh Dé: agus do ghoir sé dainm do náit sin Mahanaim.
Agus féuch, do sheas aingeal an Tighearna a lathair, agus do dhealruidh solus sa tígh: agus ar mbúaladh Pheadar ann a tháobh, do thog sé súas é, ag rádh, Eirídh go lúath. Agus do thuiteadar na slabhraidhe dhá lámhaibh.
Agus do fhreagair seision, Ná bíodh eagla ort: óir an drong atá linne is mó íad náid a bhfuil leósan. Agus do ghuidh Elisa, agus a dubhairt, A THIGHEARNA, guidhim thú, foscuil a shuile, go bhfaicigh sé. Agus dfoscuil an TIGHEARNA súile an nógánuigh; agus do chonnairc sé: agus, feúch, do bhí an slíabh lán do eachuibh agus do charbaduibh tinntighe timchioll Elisa fá ccuáirt.
Do fhágaibh an díabhal é an tansin, agus, féuch, tangadar na haingil agus do rinneadar friotholamh dhó.
Achd dfosgail aingeal an Tighearna sa noídhche dóirse an phriosúin, agus ar na dtreórughadh amach, a dubhairt sé,
Bídís mar lóchán ós coinne na gaóithe: agus aingeal an TIGHEARNA gha rúagadh. Bíodh a slighe na dhorchadus agus ro shleamhuin: agus aingeal an TIGHEARNA da ngérleanmhuin.
Beannuighesi an TIGHEARNA, a aingle féin, noch atá árrachdach a neart, ag comhall a aitheanta, ag tabhair aire do ghuth a bhreithre. Beannuighe an TIGHEARNA, a shluaghsan uile; a luchd fritheóilte, noch do ní a thoil.
Agus mar do luigh sé faói chrann Iuniper agus do choduil, féuch, do chorruigh aingiol é annsin, agus a dubhairt ris, Eirigh agus íth. Agus damhaírc seision, agus, féuch, do bhí bairghin do bruitheadh ar an ngríosuidh, agus crúiscín uisge agá cheann. Agus a duáigh sé agus do ibh sé, agus do luidh sé síos arís. Agus tháinic aingeal an TIGHEARNA a rís an dara huáir, agus do chorruigh é, agus a dubhairt, Eirigh agus ith; do bhrígh go bhfuil an tslighe ro fhada agad.
Agus do chonnairc aisling, agus féuch dréimre ar na chur súas ar an talamh, agus ráinic a bhárr go flaitheamhnus: agus féuch, aingil Dé ag dul suas agus ag teachd a nshúas ann.
Agus do thaibhreadh aingeal an TIGHEARNA dhó, agus a dubhairt sé ris, Atá an TIGHEARNA maille leachd, a dhuine neartmhair a ngaisgidh.
Annsin do labhair Nebuchadnessar, agus a dubhairt sé, Go madh beannuighthe Día Shadrach, Mhesach, agus Abednego, noch do chuir a aingeal úadh, agus do sháor a sheirbhísigh do chuir a ndóthchus ann, agus do tharcuisnigh bríathar an rígh, agus dáontuigh a ccorp, go nach bhfoigheonaidís agus nach aidheoraidís dée ar bioth, acht a Ndía féin.
An TIGHEARNA Día nimhe, noch tug misi ó thigh mathar agus ó dhúthuighe mo chinidh, agus noch do labhair rium, agus tug a mhionna dhamh ag rádh, Dod shíol do bheura mé an dúthaighsi; cuirfidh sé a aingeal romhad, agus do bhéura tú bean dom mhac as sin.
An taingiol do fhúasguil mé ó nuile olc, go mbeannuighe sé na leinimh; agus goirthear mainmsi orra, agus ainm maithreach Abraham agus Isaac; agus fásáidis na niomadamhlachd a meadhon na talmhan.
A né nach sáoileann tú gur ab éidir leamsa Mathair do ghuidhe a nois, agus do bhéaradh sé dhamh do láthair ní sa mhó ná dhá léghión dég dainglibh?
Agus do fhreagair an duine do sheas a measc na ccrann miortail agus a dubhairt, Isiád so an drong do chuir an TIGHEARNA do shiubhal síos agus súas air fud na talmhan. Agus do fhreagradarsan aingeal an TIGHEARNA do sheas a measg na ccránn miortail, agus a dubhradar, Do shiubhluigheamar síos agus súas air feadh na talmhan, agus, féuch, atá an talamh uile suáimhneach, agus atá sé síothchánta.
Agus aingeal Dé, noch do bhí roimhe champa Israel, do atharruigh agus do chuáidh na ndiáigh, agus do chuaidh an pileir neill ó bhe roimhe an aghaidh, agus do sheas na ndiaigh:
Atáid carbaid Dé fithche míle, míltidh dáinglibh; atá an TIGHEARNA na measc, annsa náit náomhtha, Sínai.
Oír do sheas aingeal Dé lér ab rís misi, agus dá ndéunuim serbhís, sa noidhche a nochd láimh rium, Ag rádh, Na bíodh eagla ort, a Phóil; is éigean duit seasamh a lathair Shéasair: agus, féuch, do thiodhlaic Dia dhuit an mhéid shéolus maille riot.
Agus a nuáir do éigheamar ár an TTIGHEARNA, do chúaluidh sé ar nguth, agus do chuir se aíngeal uadh, agus thúg leis amach sinn as a Négipt: agus féuch, atámáoid a Ccádes, an chathair is faide amach ann do theóruinnsi:
Acht do sheas prionnsa rioghachda na Persia riom lá agus fithche: acht, féuch, tháinic Michael, áon do na haird phrionnsadhuibh, dom chabhair; agus do chomhnuigh mé annsin ag ríghthibh na Persia.
Fós, an feadh do bhí mé ag labhairt a núrnaigh, an fear céadna Gábriel, noch do chonnairc mé annsa bhfis ar tús, air ar tugadh eitiol do dhéanamh go deithniosach, do bhean sé riom a dtimchioll aimsire íodhbartha an tráthnóna.
Agus táinic aingeal an TIGHEARNA gus an mnaoi, agus a dubhairt sé ría, Féach anois, atá tú aimrid, agus ni bheirion tú clann, achd bíaidh tú torrach, agus béara tú mac. Anois ar a nadhbharsin, guidhim thú, bí ar do choimhéad agus ná hibh fíon nó deoch láidir, agus ná hith eainní neamhghlan: Oír, féach, biaidh tú torrach, agus béara tú mac; agus ni racha sgian bhéarrtha ar a cheann: óir bíaidh an leanamh na Nasaríteach do Dhía é bhroinn a mhathar; agus toiséóchuigh sé Israel do sháoradh ó láimh na Bhphilistíneach. ¶ Ann sinn tháinic an bhean agus dinnis sí dhá fear, ghá rádh, Tháinic ógfach Dé chugam, agus bá cosmhuil a ghnúis ré gnúis aingil Dé, ró úathbhásach: ach níor fhiafruigh mé dhe cá has dó, agus ní mó dinnis sé a ainm dhamh:
Dfúasgail sé manam a síothcháin ón gcath do bhí am aghaidh: óir is re hiomad do bhádar ag cur chugam.
Agus do taidhbhreadh dhó aingeal an Tighearna na sheasamh ar an dtáoibh ndeas daltóir na túise. Agus ar na fhaicsin do Shacharías, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus do ghlac eagla é. Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air.
Agus an sa seisiodh mí, do cuireadh an taingeall Gabríel ó Dhía go cathruigh don Ghalilé, dár bainm Násaret, Dionnsuighe óighe ar a raibh ceart ag fear do thigh Dháibhí, dár aínm Ióseph; agus do bé do bainm do nóigh, Muire. Agus ar ndul a sdeach dá hionnsuighe do naingeal, a dubhairt se, Dia do bheatha a ógh roghrásamhuil: a tá an Tighearna maille riot: is beannuighe thú eidir na mnáibh.
Agus do labhair aingeal an Tighearna ré Philib, ag rádh, Eírghe, agus imthigh don taoibh ó dheas, an tslighe síos ó Ierusalém go Gása, noch atá na fhásach.
Taisbeunadh Iósa Críosd, noch tug Día dhó, chum na neitheann is éigean do bheith ann go lúath dfoillsiughadh dhá shearbhfhoghantuighibh; agus ar gcur theachdaireachda úadh ré na aingeal dó do thaisbéin sé dá shearbhfhoghantuighe Eóin:
Do fhéuch mé an tan sin, agus do chúaluidh mé gúth mhórain dainglibh a dtimchioll na cathaóireach agus na mbeathach agus na seanoir: agus a sé líon do bhádar ann deich míle núair deich míle agus miltidheadh do mhíltibh; Ag rádh do ghúth árd, As fíu an Túan do mharbhadh cúmhachda, agus saídhbhrios, agus éagna, agus neart, agus onóir, agus glóir, agus moladh dfagháil.
Agus annsa namsin seasfuidh Michael súas, an prionnsa mór sheasas air son chloinne do phobailsi: agus biáidh am buáidheartha ann, a leithéid nach raibh a ríamh eadhon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuighear do phobalsa, a nuile dhuine dá bhfuighthear scriobhtha annsa leabhar.
¶ Agus do thóg Dáibhi a shúile súas, agus do chonnairc sé aingeal an TIGHEARNA na sheasamh idir talamh agus neamh, agus cloidheamh táirngthe iona laímh ar na shíneadh amach ós cíonn Ierusalem. Annsin Dáibhi agus sinnsir Israel, noch do bhí foluigh re saicéadach, do thuiteadar air a náighthibh.
Ann sin a dubhairt do bhanóglach, Biáidh anois focal mo thighearna an rígh cabharthach: óir amhuil aingeal Dé, is marsin atá mo thighearna an rígh do thuigsin uilc agus maitheasa: uimesin biáidh do THIGHEARNA Día maille ríot.
Do chonnairc sé go soilléir a dtáibhse a dtimcheall a náomhadh húair don ló aingeal Dé ag teachd a steach chuige, agus ag rádh ris, A Chornéliuis. A dubhairt Cornélius an tan sin, Ré ceithre lá gus a nuáirse do bhí mé ag déunamh troisge; agus sa náomhadh huáir do bhí mé ag déunamh urnaighe ann mo thigh féin, agus, féuch, do sheas neach am fhíadhnuise a néudach dheallruightheach, Agus a dubhairt sé, A Chornélius, do héisdeadh húrnaighe, agus do coimhnigheadh do dhéirc a bhfíadhnuise Dé. Uime sin cuir fios go Híoppá, agus goir chugad Síomón, dar comhainm Peadar; atá se ar aóidheachd a dtigh Shíomóin fhir leasaighthe leathair láimh ris an bhfáirrge: agus an tan thiucfas sé, laibheóruigh sé riotsa. Ar a nadhbharsa a nuáir sin féin do chuir me fios ortsa; agus as maith do rinne tú theachd. Uime sin a nois atámuid uile a bhfiadhnuise Dé, chum eisdeachda gacha uile neithe do haithnigheadh dhiotsa ó Dhía. Agus ar nosgladh a bhéil do Pheadar a dubhairt sé, Do gheibhim go fírinneach nach bhféuchann Día do phearsannaibh seach a chéile: Achd am gach uile chineadh gabhuidh sé ris an tí, air ambí a eagla agus do ní ceart. An bhríathar noch do fhoillsigh sé do chloinn Israél, ag soisgéulughadh síothchána tré Iósa Críosd: noch atá na Thighearna ós cionn na nuile: Atá a fhios agaibhse, créud do rinneadh feadh thíre Iúdaidhe uile, ag tosughadh ón Ngalilé, tar éis an bhaisdigh noch do sheanmóraidh Eóin; Cionnus do ung Día Iósa Nasárrgha ris an Spiorad Náomh agus lé cumhachdaibh: noch do chuáidh timcheall ag déunamh maitheasa, agus ag sláunughadh gach a raibh fá leathtrom tré chumhachdaibh an diabhail; óir do bhí Día maille ris. Agus atámaóidbe dfíadhnuise ar na huile neithe do rinne sé a ttír Iúdaighe, agus a Niarusalém; noch do mharbhadar dhá chrochadh a gcroich: Agus ag féuchain dósan air go gér, agus ag gabháil eagla, a dubhairt sé, Créd é sin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision ris, Do chuáidh húrnaighthe agus do dhéirce súas a gcoimhne a bhfiadhnuise Dé.
Agus a nimtheachd dóibh tré san gcéud fhaire agus tré san dara faire, tangadar chum an ghéata íarainn, thréoraighais chum na caithreach; noch do osgail dhóibh úadh féin: agus ar ndul amach dhóibh, do shiubhladar thríd áon sráid amháin; agus ar an mball do imthigh an taingeal úadh. Agus ar dteachd do Pheadar chuige féin, a dubhairt sé, A nois atá a fhios agum go dearbhtha, gur chuir an Tighearna a aingeal úadh, agus gur sháor sé mé ó laimh Iorúaidh, agus ó uile choimhéud an phobail Iúdaighe.
Má bhíonn teachdaire na fhochair, fear friotuil, áon a measc míle, do thaisbeanadh a cheart do dhuine: Annsin tá sé grásamhuil dó, agus a deir sé, Sáor é ar dhul síos annsa pholl: fuáir misi fúasgladh as.
Do bhí seision buáidheartha ann a nuile bhuáidhreadhsan, do thárthuigh aingeal a aighthe iad: ann a ghrádh agus ann a thruáighe dfúascail sé íad; diomchuir sé, agus rug leis íad uile láethe an tsáoghail.
Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen. Agus do bhí a ghnúis mar mar theinnteach, agus a éadach geal mar shneachda:
Mar an gcéadna, a deirim ribh, Bí gáirdeachas ar ainglibh Dé trí éin pheacthach amháin do ní aithrighe.
Agus do chonnairc mé aingeal eile ag eitealluigh a meadhón neimhe, agá raibh soisgéul síorruidhe chum a shoisgéulta don druing áitreabhas an talamh, agus do nuile chineadh, agus threibh, agus theanguidh, agus phubal,
Bí dhamhsa ad ionad súighe daingion, chum a rachad do ghnáth: óir thugais aithne mo thártháil; is tú mo charruic agus mo dhaingion.
Agus do bhí cáth ar neamh: do cháthuigh Michéul agus a aingil ris an dragún; agus do cháthuigh an dragún agus a aingil riusún, Gidheadh ní rugadar buáidh; agus ní fríth a náit ó shin amach ar neamh. Agus do teilgeadh amach an dragún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoirthear an Díabhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile: do teilgeadh amach é fán dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.
Agus fuáir aingeal an TIGHEARNA í láimh ré tobar uisge, san bhfásach, laimh ris an ttobar ar an tslighe go Súr.
Agus mar do luigh sé faói chrann Iuniper agus do choduil, féuch, do chorruigh aingiol é annsin, agus a dubhairt ris, Eirigh agus íth. Agus damhaírc seision, agus, féuch, do bhí bairghin do bruitheadh ar an ngríosuidh, agus crúiscín uisge agá cheann. Agus a duáigh sé agus do ibh sé, agus do luidh sé síos arís. Agus tháinic aingeal an TIGHEARNA a rís an dara huáir, agus do chorruigh é, agus a dubhairt, Eirigh agus ith; do bhrígh go bhfuil an tslighe ro fhada agad. Agus déirigh seision, agus a duáigh sé agus do ibh sé ní, agus do chuáidh a neart an bhídh sin ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche go Hóreb slíabh Dé.
Os a chionn shúas do sheasadar na seraphinigh: do bhí sé scíatháin ar gach aon díobh; le cúpla dfoluigh sé a aghaidh, agus lé cúpla dfoluigh sé a chosa, agus lé cúpla do eitil sé. Agus do ghoir aon ar oile, agus a dubhradar, Is náomhtha, náomhtha, náomhtha, TIGHEARNA na slógh: atá an talamh uile líonta da ghlóir.
Tháinic sruth tinntighe amach agus tháinic amach as a choinne: do bhí míle do mhíltibh ag miniostrálachd dó, agus deich míle uáir deich míle do sheas as a choinne: do suigheadh an breitheamhnus, agus do hoscladh na leabhair.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Cuirfidh Mac an duine a aingil féin, agus cruinneochuid síad as a rioghachd gach uile scannail, agus an dream do ní éagcóir;
Annsa lósin cuimhdeochuidh an TIGHEARNA áitreabhthuigh Ierusalem; agus biáidh an té bhías lag iona measc an lá sin mar Dháibhi; agus biáidh tigh Dháibhi mar Dhía, amhuil aingeal an TIGHEARNA rompa.
Agus mise Eóin an tí do chonnairc agus do chúaluidh na neithese. Agus an tan do chúala agus do chonnairc íad, do thuit mé síos chum sléuchdana do dhéunamh a bhfiadhnuise chos a naingil do fhoillsigh na neithese dhamh. Achd a dubhairt sé riom, Seachuin thú ar sin do dhéunamh: óir is coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh ná fáidhibh, agus don druing choimhéudas bríathra an leabhairse: déun sléuchduin do Dhía.
Ná dearmaduigh aóidheachd thabhairt do chóímthighachuibh: óir dá réir so tugadar dream áirighe aóidheachd dainglibh gan fhios dóibh féin.
Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA thú ó nuile olc: coimhéadfa sé hanam. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA do dhul amach agus do theacht a steach ó namsa amach, agus go síorruidhe.
Agus do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh éochar an phuill dubhaigein, agus slabhradh mór ann a láimh.
Oír rachuidh Maingeal romhad, agus do bheura a steach thu chum na Namoríteach, agus chum na Hítiteach, agus na Bperisíteach, agus na Gcananíteach, no Hibhíteach, agus na Iebusiteach: agus gearrfa mé amach íad.
Agus do sheasadar na haingil uile a dtimchioll na cathaóireach, agus na seanóirigh agus na gceithre mbeathach, agus do léigeadar íad féin síos ar a naighthibh a bhfiadhnuisi na catháoireach, agus tugadar onóir do Dhía,
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Acht taisbeanfa mé dhuit an ní atá aithnidh a scrioptúir na fírinne: agus ní bhfuil áon chungnas liom annsna neithibhse, acht Michael do phrionnsasa.
Agus táinic aingeal an TIGHEARNA chuige a lasair theineadh amach as lár craóibhe: agus damhairc seision, agus, féach, do bhí an chráobh tré lasadh ó theineidh, agus níor loisgeadh an chráobh.
Annsin dfoscuil an TIGHEARNA súile Bhálaam, agus do chonnairc Bálaam aingeal an TIGHEARNA na sheasamh san tslighe, agus a chloidheamh tairngthe iona láimh: agus do chláon sé síos a cheann, agus do thuit sínte ar a aghuidh.
Agus tangadar dá aingeal go Sodom trathnóna; agus do bhí Lot na shuighe a ngeata Shodom: agus a nuair do chonnairc Lot íad, do éirigh súas do theagmhail ríu; agus do chlaon sé é féin maille ré na ghnúis sios go talamh; Ach do chuireadar na dáoine a lámh amach, agus do thairrngeadar Lot chuca asteach, agus do dhruideadur andorus. Agus do bhuaileadar na dáoine do bhi ag dorus an tighe le doille, ó bheag go mór: ionnus gur thuirsigheadar iad féin ag íarruidh an doruis. Agus a dubhradur na fir ré Lot, An bfuil agad annso éinneach eile? do chlíamhuin, dó mhaca, agus hingheana, gidh bé ar bith ata agad annsa chathruigh, tabhair iad amach as a naitsi: Oir sgriosfuimne a náit se, do chionn gur fhás a néighmhe mhór a lathair an TIGHEARNA; agus do chuir an TIGHEARNA sinné dhá sgrios. Agus do chuáidh Lot amach, agus do labhair ré na chleamhnuibh, noch do phós a ingheana, agus a dubhairt, Gluaisigh, fágbhuidh a náitsi amach; óir sgriosfuidh an TIGHEARNA an chathair so. Ach dar lé na chleamhnuighibh bá fear moguidh é. Agus a nuáir do éirigh an mhaidion, an sin do bhrosduighedar na haingil Lot, ag rádh, Eirigh, glac do bhean, agus do dhías inghean, atá ann so; deagla go ttuitfá a ccionta na caithreach. Agus mar do bhí ag déunamh moille, rugadur na dáoine ar láimh air, agus ar láimh a mhná, agus air láimh a dheis inghean; ar mbeith don TIGHEARNA grásamhuil dó: agus tugadur leó amach é, agus do shuigheadar taobh amuigh don chathruigh é. Agus tárla, a nuair thugadur léo amach íad, go ndubhairt sé, Teith lé tanam; ná féuch ad dhiéigh, agus na fan annsa réiteach uile, teith fan tsliabh, deagla do aidhmhillte. Agus a dubhairt Lot ríu, Oh, ní mar sin, a THIGHEARNA: Féuch annois, fuair do shearbhfoghantuigh grása ad radharc, agus do méuduigh tú do thrócaire noch do thaisbéin tú dhamhsa ag cumhdach mhanma: agus ní fhéuduim teitheamh fan tslíabh, deagla uilc éigin do bhuain damh, agus go bhfuighinn bás: Agus a dubhairt sé, Féuchuidh anois a thighearnadha, íarruim oruibh, fillidh asteach, go tigh bhur seirbhísigh, agus fhanuidh ar feadh na hoidhche, agus ionnluigh bhur ccosa, agus eireochuidh sibh súas go moch, agus rachaidh sibh romhuibh ann bhur tturus. Agus a dubhradar san, Ni headh; ach anfam ar a tsráid feadh na hoidhche.
Ceachdar aca, gorta thrí mblíadhan; nó bheith trí mhí dot sgrios roimhe do naimhde, (an feadh bhéaras cloidheamh do namhad ort); nó fós cloidheamh an TIGHEARNA trí lá, eadhon an phláigh, annsa dúithche, agus aingeal an TIGHEARNA ag marbhadh ar feadh theórann Israel. A nois uimesin déana comhairle cred é an fhreagra bhéaras misi gus an té do chuir úadh mé. Agus a dubhairt Dáibhi ré Gad, Atáim a ccumhgach ro mhóir: tuitim anois a láimh an TIGHEARNA; (óir is ro mhór a thrócaire): agus ná tuitim a láimh duine. ¶ Marsín do chuir an TIGHEARNA pláigh air Israel: agus do thuit Disrael seachdmhoghad míle fear. Agus do chuir Día aingeal go Hierusalem da sgrios: agus mar bhí sé agá lérscrios, do chonnairc an TIGHEARNA, agus dob aithreach leis an tolc, agus a dubhairt ris an aingeal do bhí ag milleadh, Is lór sin, connuimh a nois do lámh. Agus do sheas aingeal an TIGHEARNA ag urlár bhúailte Ornan an Iebusíteach. ¶ Agus do thóg Dáibhi a shúile súas, agus do chonnairc sé aingeal an TIGHEARNA na sheasamh idir talamh agus neamh, agus cloidheamh táirngthe iona laímh ar na shíneadh amach ós cíonn Ierusalem. Annsin Dáibhi agus sinnsir Israel, noch do bhí foluigh re saicéadach, do thuiteadar air a náighthibh.
Agus ag smúaineadh na neithise dhó féuch, do fhoillsigh aingeall an Tighearna e féin dó a naisling, ag rádh, A Ióseph, mhic Dháibhi, na bíodh eagla ort do bhean fein Muire do ghabháil chugad; oir an ni atá ar na gheineamhuin innte is ón Spiorad Náomh é.
Agus is ón TIGHEARNA atá slánughadh a nfíréin: sé a neart é a naimsir a néigiontuis. Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe. Agus do bhéaruidh an TIGHEARNA cabhair dhoibh, agus sáorfuidh íad: sáorfuidh se íad ó na drochdhaóinibh, agus coimhdeochuidh íad, do bhrígh go bhfuil a ndóigh ann.
Oir a tá sgriobhtha, Do bhéura sé áithne dhá áinglibh ad thimcheall, thusa do choimhéud: Agus toigéubhuid eidir a lámhuibh thú, deagla go mbuailfea do chos fá chloich úair ar bith.
Agus suáimhneas dibhse fhuilngeas buáidhirt má ráon rinne, an tan fhoillséochas an Tíghearna Iósa é féin ó neamh maille ré na ainglibh cúmhachdacha,
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Agus tárla, gur ghabh úathbhás íad fán ní sin, agus féuch, do sheasadar días fear na naice a néaduighibh dealruightheacha: Agus an tan a dubhairt sé na neithesi do thaisbéin sé dhóibh a lámha agus a chosa. Achd ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré gháirdeachas, agus ag déanamh iongantais, a dubhairt seision ríu, An bhfuil bíadh ar bith agaibh ann so? Agus tugadarsan do cuid díasg rósduighe, agus cuid do chír mheala. Agus ar na nglacadh dhósan, dúaidh sé na bhfiafhnuisision íad. Agus a dubhairt sé ríu, Ag so na briathar do labhair mé ribh, a núair do bhí mé fós bhar bhfochair, gur ab éigin na huile neithe atá sgríobhtha a reachd Mháoisi, agus ann sna fáighibh, agus ann sna salmuibh, am thimcheallsa do choimhlíonadh. Ann sin dosguil sé a ttuisge, ionnus go dtuigfidís na sgrioptúir, Agus a dubhairt sé ríu, Gur mar so do bhi sé sgríobhtha, agus gur mar so dob éigin do Chríosd fulang, agus éiseirghe ó mharbhuibh an treas lá: Agus aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do dheanmóir an ainm do na huile chinidheachuibh, ag tionnsguadh ó Iérusalém. Agus is sibhsi fiadhnuiseadha na neitheannsa. Agus, féuch, cuirfidh misi gallamhun Mathar féin chugaibh: achd fanoidh a gcathair Iárusalém, no go gcuirthear cumhachda a núas umuibh. Agus ar na ngabháil eagla dóibsion, agus ar gcromadh a naighthe chum na talmhan, a dubhradarsan ríu, Créud fa níartháoi eidir na marbhuibh an lé atá beo?
Do rinne tú é feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil; do chuir tú coróin ghlóire agus onóir air, agus do chuir tú é ós cionn oibreach do lámh:
¶ Agus tárla a noidhche sin feín, go ndeachuidh aingel an TIGHEARNA amach, agus gur bhúail sé a bhfoslungphort na Nassirianach céud agus ceithre fithchid agus cúig mhíle: agus a núair do éirgheadar go moch ar maidin, féuch, do bhádar uile na ccorpuibh marbha.
Annsin do fhreagair seision agus do labhair sé riomsa, ag rádh, Ise so briathar an TIGHEARNA re Serubbabel, ag rádh, Ní lé slúagh, nó lé cumhachdaibh, acht lé mo spioraidse, a deir TIGHEARNA na slógh. Cía thusa, a shléibh mhóir? do dhéantar réiteach dhíotsa roimhe Sherubbabel: agus do bhéara sé amach a cheannchloch sin lé gárrthuibh, ag gláodhuigh, Grása, grasa chuige.
Agus tainic aingeal eile agus do sheas sé a bhfíadhnuise na haltora, agá raibh sionnsa órrgha; agus tugadh móran do neithibh deaghbhaluidh dhó, chum a gcurtha maille ré hurnuighibh na nuile náomh ar a naltóir órrgha do bhí a bhfíadhnuise na catháoire. Agus do chuáidh deatach na neitheann ndéaghbhaluidh sin, maille ré hurnuighibh na náomh as láimh a naingil a bhfíadhnuise Dé.
Oír seasfuidh sé ar láimh dheis a nuireasbhuigh, dá sháoradh úathasan noch do dhaimneochadh a anam.
Gidheadh Míchael an tarchaingeal, an tan do chathuigh sé a nadhuigh an díabhail agus do rinne sé diosbóireachd a dtimchioll chuirp Mháoise, níor lamh sé breath mhasluigheach do bhreith air, achd a dubhairt sé, Go nimdhearga an Tíghearna thú.
Coimhéaduigh an TIGHEARNA an mhéid ler bionmhuin é: agus scriosfa se na huile chiontoigh.
Agus cuirfidh sé a aingil le trompa agus lé guth mór, agus cruinneochuid síad a dháoine toghthasan ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal neimhe go soithe an leithimeal eile dhe.
Agus a ris, an tan do bheir sé a steach an chéidghin don domhan, a deir sé, Agus tuguid aingil Dé uile onóir dhó.
Achd má umhluigheann tú dhá ríribh dhá ghuth, agus go ndéarna tú a nabruimsi uile; ann sin biaidh mé am námhuid dot naimhdibh; agus am eascaruid dod eascairdibh.
Agus do chúaluidh Día guth an leinimh, agus do ghoir aingeal Dé ar Hágar ó neamh, agus a dubhairt ría, Créd ghoilleas ort a Hágar? ná bíodh eagla ort; óir do chúaluidh Día guth an leinimh mar a bhfuil sé.
Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe. Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean aimrid. Oír ní bhía ní ar bith doidhéunta do Dhia.
¶ Agus, féuch, do bhean lámh riom, noch do chuir air mo ghlúinibh mé agus air chláruibh mo dhearnann. Agus a dúbhairt sé riom, A Dhániel, a dhuine air a bhfuil grádh mór, tuig na bríathra a déara misi riot, agus seas súas go direach: óir is chugad do cuireadh mé anois. Agus an tan do labhair sé riom, do sheas mé ar crioth.
Atá an TIGHEARNA ar mo shonsa; ní bhíaidh eagla orum: cred dhéanas duine riom? Atá an TIGHEARNA ar mo shonsa a measc lucht mfurtachda: agus do chífe mé mó mhían air an lucht fhúathuighios mé.
Agus a nuáir do éirigh an mhaidion, an sin do bhrosduighedar na haingil Lot, ag rádh, Eirigh, glac do bhean, agus do dhías inghean, atá ann so; deagla go ttuitfá a ccionta na caithreach. Agus mar do bhí ag déunamh moille, rugadur na dáoine ar láimh air, agus ar láimh a mhná, agus air láimh a dheis inghean; ar mbeith don TIGHEARNA grásamhuil dó: agus tugadur leó amach é, agus do shuigheadar taobh amuigh don chathruigh é.
Agus a nois guidhim sibh fá mheisnigh mhaith do bheith agaibh, óir ní chaillfidh éunduine agaibh a anum, achd an lúng amháin. Oír do sheas aingeal Dé lér ab rís misi, agus dá ndéunuim serbhís, sa noidhche a nochd láimh rium, Ag rádh, Na bíodh eagla ort, a Phóil; is éigean duit seasamh a lathair Shéasair: agus, féuch, do thiodhlaic Dia dhuit an mhéid shéolus maille riot.
Ní bhía faítchios ort air eagla na hoidhche; nó fó na soighde eitiollas san ló; On phláigh noch shíubhlas annsa dorchadus; nó ón dioghaltas noch shiubhlas san meadhóin laói.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Ní léigfidh sé dot chois corrughadh: ni choidéola an té choimhéadas thusa. Féuch, an té choimhéadas Israel ní dhéana sé táimhnéull ná codladh.
Agus a deir sé a dtáobh na naingeal, Do ní sé a theachdaireadha do na sbioraduibh, agus a mhinisdreadha don teine lasarrgha.
¶ Do chuir mé foraire air do bhalladhuibh, a Ierusalem, nach ccoisgfidh a lá nó a noidhche: ná bíthise bhur ttochd, a dhrong tig thar an TTIGHEARNA,
Agus do chuáidh an TIGHEARNA rompa san ló a bpíleir néill, do mhúnadh na sligheadh dhóibh agus sa noidhche a bpíleir thíneadh, do thabhairt soluis dóibh, do imtheachd do ló agus doidhche. Níor chorruigh sé úatha an piléir néill san ló, nó an piléir tineadh sa noidche, as fiadhnuise an phobuil.
Is fogus an TIGHEARNA da gach aon ghoirios air, do gach áon ghoireas air a bhfírinne. Coimhlíonfa sé mían na druinge air a bhfuil a eagla: agus cluinfe sé a ngáir, agus sáorfa sé íad. Gach áon lá beinneochaidh mé thú; agus molfad hainm choidhche agus go bráth. Coimhéaduigh an TIGHEARNA an mhéid ler bionmhuin é: agus scriosfa se na huile chiontoigh.
Oír do sheas aingeal Dé lér ab rís misi, agus dá ndéunuim serbhís, sa noidhche a nochd láimh rium,
Coimhéad manam, agus sáor mé: agus ná náirighthear mé; do bhrígh go bhfuil mó dhóthchus ionnadsa. Cumhduigheadh díoghruis agus ceart mé; óir dfan mé leachdsa.
Agus tárla, go bhfuair an duine bochd bás, agus gur iomchradar na haingil go huchd Abramham é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saidhbhir bás, agus do hadhluiceadh é;
Agus do chuir misi mó bhríathar ad bhéul, agus dfoluigh mé thú ar scáile mo láimhe, chor go bplainndeochuinn na neamha, agus go suighfinn bunáite na talmhan, agus go naibeorúinn, re Sion, Is tú mo phobal.
Sé an Día síorruidhe do áit dídin, agus faói shíos atá slúagh síorruidhe: agus tiomáinfidh sé amach an námhuid romhad; agus déara sé, Marbh íad.
Do chur na druinge bhíos ísiol súas go hárd; chor go náirdeochthaoi an drung chumhthach a ndaingion.
Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún.
Agus do thuit mé síos agá chosuibh chum a onóruighthe. Achd a dubhairt sé riom, Coimhéid nach déuna tú sin: as coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh agá bhfuil fíadhnuise Iósa aca: tabhair onóir do Dhía: óir a sí fíadhnuise Iósa spiorad na fáidheadóireachda.
Atáid Ierusalem na sléibhte na timchioll; agus is amhluigh atá an TIGHEARNA a timchioll a dhaóine ó núairsi agus go síorruidhe.
Oír ní rachthaói amach lé deithnios, agus ní imtheochtaoi lé teitheamh: óir rachaidh an TIGHEARNA romhuibh; agus budh é Día Israel chruinneochus sibh.
Nach déarna túsa fál na thimchioll, agus a ttimchioll a thighe, agus timchioll a nuile ní da bhfuil aige aír gach aon táobh? do bheannuigh tú oibreacha a lámh, agus do mhéaduigh tú a mhaóin annsa tír.
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
Agus do thóg a shúile suas, agus damharc sé, agus féuch, tríurfear na seasamh laimh ris, agus a nuáir do chonnairc sé íad do rith na gcoinne ó dhorus na puible, agus do chláon é féin go talamh.
Ní bhéara arm ar bith dá ccuimeachthar buáidh ad aghaidhsi; agus gach teanga dá néireochuidh ad aghaidh daimneocha tú í a mbreitheamhnus. Así so oighreachd sheirbhíseach an TIGHEARNA, agus is uáimsi atá a bhfíreantachd, a deir an TIGHEARNA.
Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;
Oir foileochuigh sé mé iona pháilliún a ló a nuilc: coimhéudfuidh mé go secréideach a nuáignios a thabernacuil; ar charruic thóigfios sé súas mé.
A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.
Marsin bhías eagla anma an TIGHEARNA orra ó náird shíar, agus a ghlóire ó éirghe na gréine. A nuáir thiucfas an námhuid a steach amhuil tuile tóigfe Spiorad an TIGHEARNA bratach súas na aghaidh.
Chúmhduighthear ré neart Dé tré chreideamh chum slánuighe atá ullamh ré a fhoillsiughadh sa naimsir dheigheanuidh.
Bíodh go bhfuilim bochd agus easbhuidheach; smuáinfidh an TIGHEARNA orum: is tú mo chobhartha agus mo shaortheoir; ó a Dhía, ná déan faillighe.
¶ Annsin bhrisfios do sholus amach mar an maidin, agus sgiunfidh do shláinte amach go lúath: agus rachaidh hionnracus romhad; cruinneochuidh glóir an TIGHEARNA thú.
Is tú mionad foluigh; coiseonuidh tú mé ó bhuáidhreadh; ré gáirdeachus sáortha tiucfuir fá ccuáirt am thimchioll. Selah.
Bithí láidir curata, ná bíodh eagla nó anbhúain oruibh roimhe righe na Hassíria, ar son a bhtuil diomad slóigh aige: óir is mó atá linne ná leis: Lámh fhéola atá leission; acht atá ar TTIGHEARNA Dia linne chum cuidiughadh linn, agus do throid ar ccath. Agus do sheasadar an pobal aír bhríathruibh Heseciah rígh Iúdah.
Ná bíodh eagla a naightheach ort: óir atáimsi maille riot dot sháoradh, a deir an TIGHEARNA.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Biaidh an lucht chuirios a ndóigh annsa TIGHEARNA mar shlíabh Síon, nach féidir a chorrughadh, ach mhairios go bráth.
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Oír is grían agus scíath an TIGHEARNA Día: do bhéaraidh an TIGHEARNA grása agus glóir: ní chuinneochaidh sé maith ón luchd do shiubhlus go díreach.
Gidheadh atá an Tíghearna díleas, noch dhaingnéochas, agus chóimhéudfus sibh ó olc.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad.
Oír atáid súile an Tíghearna ar na fíreunuibh, agus a chlúasa osguilte dha nurnuighe: achd atá gnúis an Tíghearna a naghuidh na druinge do ní na huile.
Ná bíodh eagla ort re húamhan obann, nó re dólás na nolc, a nuáir thiucfas sé. Oír budh é an TIGHEARNA do bharánta, agus cuimhdeochuidh sé do chos ó bheith gabhtha.
Oír misi an TIGHEARNA do Dhía choinneochus do lámh dheas, ghá rádh riot, Ná himeagluidh; cuideochuidh mé leachd.
Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Slánuigh mé, a THIGHEARNA, agus biáidh mé slán; sáor mé, agus biáidh mé sáortha: óir is tú mo mholadh.
Bi trócaireach dhamh, a Dhé, bí trócaireach dhamh: óir is ionnadsa atá dóigh manma: agus a scáile do sciathán bhías mo dhóigh, nó go ndeachaidh na huilcsi thorum.
Agus do cluinfid do chlúasa focal táobh shíar dhíot, dhá rádh, Sí so an tslighe, siubhluighidh innte, a nuáir fhillfidhe ar an láimh dheis, agus a nuáir fhillfidhe ar an láimh chlé.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh.