Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 20:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin chonaic mé an t‑aingeal ag tuirlingt ó na flaithis, agus eochair an duibheagáin ina lámh aige, agus slabhra mór.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Chonaic mé ansin aingeal ag tuirlingt ó neamh, a raibh eochair an duibheagáin agus slabhra mór aige idir a lámha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do chonnacas aingeal ag teacht anuas ó neamh, agus eochair an duibheagáin agus slabhradh mór ’n‐a láimh aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh éochar an phuill dubhaigein, agus slabhradh mór ann a láimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ansin chonaic mé an t-aingeal ag tuirlingt ó na flaithis, agus eochair an duibheagáin ina lámh aige, agus slabhra mór.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 20:1
8 Tagairtí Cros  

Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.


Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;


Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.


ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.


Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,


Ina dhiaidh seo i bhfís chonaic mé aingeal eile ag teacht anuas ó na flaithis, agus údarás mór aige, agus lonraigh an domhan lena ghlóir.


agus chaith sé é don duibheagán, agus d'iaigh sé air, agus bhuail sé séala os a chionn i dtreo nach meallfadh sé na ciníocha arís nó go gcomhlíonfaí an míle bliain. I gcionn an aga sin ní mór é scaoileadh ar feadh tamaillín.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí