A chara, smaoinigh ar seo: chuir Dia ár ngol i ndamhsa, thug sé áthas in áit ár mbrón, le go mbeimis lán de shólás i gcónaí. Tá a fhios agam go mbeidh trioblóidí againn inár saol laethúil, ach deir Dia liom gur deiseanna iad seo chun brath ar Dhia, chun é a aithint níos fearr agus chun maireachtáil le muinín as a chumhacht ghrá.
Mar sin, bíodh gáire ort. Gáire go hard! Taispeáin do do chéile comhraic gur buaiteoir thú i gCríost. Lig don lúcháir sin do chroí a líonadh mar gheall ar a bhfuil Dia le déanamh i do shaol.
Ná bí ag díriú ar do chás mar atá sé anois. Beidh lúcháir do shlánaithe ar ais agat agus beidh tú in ann gáire a dhéanamh faoin todhchaí, mar tá tú ag fanacht ar an Tiarna, a thógann suas thú, a choinníonn suas thú, agus nach dtréigfidh thú choíche.
Gáire! Gáire leat féin! Lig do do gáire a bheith cloiste agus lig dó mearbhall a chur ar do naimhde, fiú má tá tú i gcruachás, mar ní fhágfaidh do Chruthaitheoir thú ar an talamh. Tógfaidh sé suas thú agus seasfaidh sé leat. Tabharfaidh sé an bua duit agus cabhróidh sé leat éalú ón bpian agus ón eagla.
Beidh do bhéal lán de gháire, beidh tú i gcónaí ag adhradh a mhéada, agus feicfidh do shúile a dhea-mhéin i measc na mbeo ar talamh.
A dubhairt mé a ttáobh an gháire, Atá sé ar buile: agus fan tsúgradh, Cred dá bhfoghnann sé?
An té shuighios ansna flaitheasuibh do dhéana sé gáire: do dhéana an TIGHEARNA fochmhuid orra.
Fuilngidh anshógh, agus déunuidh caóidh, agus gul: iompoighthear bhur ngáire a ndoilgheas, agus bhur ngáirdeachas a ndóbrón.
Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh.
Acht tusa, а THIGHEARNA, do dhéanair magadh orra; do dhéanair tarcuisne air na geintibh uile.
Uime sin do rinne Sárah gáire innte féin, dá rádh, Tar éis mo bheith aosda foirfe, an bhfuighe mé solás, ar mbeith foirfe do mo tighearna mar an gcéudna? Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Habraham, Créud fa ndeárna Sárah gáire, ag rádh; an dearbhtha go mbéura misi leanamh, noch atáim foirfe? An bhfuil éinní rochruáidh ag an TTIGHEARNA? Ann sanuáir chinnte fillfidh mé chugad do réir aimsire na beatha, agus biáidh mac ag Sarah. Ann sin do shéun Sárah, dhá rádh, Ní dhearna misi gáire; óir do bhí eagla úirre. Agus a dubhairt seision, Ní headh; ach do rinne tú gáire.
As beannaighthe sibh a dháoine atá ocrach a nois: óir sáiséochthar sibh. As beannaighthe sibhsi cháoidheas a nois: óir do dhéuntáoi gáire.
Do dhéana misi fós gáire fa bhur ndonassa; do dhéana mé magadh a nuáir thiucfas bhur neagla;
Is féarr doilghios ná gáire: óir le dubhachus na gnúisi do nithear an croidhe ní is féarr.
Agus a dubhairt Sárah, Thug Día orum gáire dhéunamh, ionnus gach a ccluinn, go ndéunuid gaíre liom.
Oír amhuil briosgarnach na ndos faói phota, is mairsin bhíos gáire a namadáin: is diomhaoineas so mar an ccéadna.
Foghnuidh croidhe súgach amhuil leighios: acht tiormuighidh spiorad briste na cnámha.
Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.
Oír rachthaóisi amach maille re meanmuin, agus béarthar amach sibh maille re síothcháin: brisfid na sléibhte agus na cnoic amach romhuibh a gceól, agus buáilfid uile chranna an mhagha a lámha.
Is sona na daóine, atá annsa riochdsa: as sona na daóine, gha bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca.
Do chuiris lúathgháir ann mo chroidhe ní is mo ná a nuáir do mhéuduigh a narbharsan agus a bhfíon.
An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.
¶ Ni bhfuil ní ann is féarr do dhuine, ná ithe agus ól, agus áoibhneas do thabhairt da anum ann a sháothar. Do chonnairc mé so amhluidh, gur ab ó láimh Dé thig sé.
Gach uile dhuine fós dá ttug Día saidhbhrios agus maóin, agus dá ttug sé cumhachta íthe dhe, agus a chomhroinn do ghlacadh, agus sólásughadh ann a sháothar; sé so tiodhlacadh Dé. Ná bí obann le do bhéal, agus ná bíodh do chroidhe lúath do labhairt éinneithe a lathair Dé: óir atá Día air neamh, agus atá tusa air talamh: uimesin go má tearc do bhríathra. Oír ní mór chuimhneochus sé láethe a sháoghail; do bhrígh gur fhreagair Día é a sólás a chroidhe.
Annsin do mhol mé an subhachas, do bhrígh nach bhfuil ní is féarr ag an nduine faói an ghréin, na ithe, agus ól, agus beith subhach: óir fanfuidh sin aige do sháothar láethe a bheatha, noch do bheir Día dhó faói ngréin.
¶ Imthigh romhad, ith harán maille re sólás, agus ibh thfíon le croidhe súgach; óir gabhuidh Día anois hoibreacha. Bíadh héadach a ccomhnuidhe geal; agus ná bíodh easbhuidh uinnemeinte air do cheann. Tabhair do bheátha go gáirdeach a bhfochair do mná air a mbí grádh agad air feadh uile láethe sháoghail do dhíomhaóinis, noch thug sé dhuit faói an ngréin, uile láethe do dhíomhaóinis: óir isí sin do chuid annsa tsháoghalso, agus ann do sháothar do gheibh tú faói an ngréin,
Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.
Acht bíthíse lúathghaireach agus gáirdighidh go síorruidhe annsa ní chruthaighim: óir, féuch, cruthuighim lúathgháir Dierusalem, agus sólás dá pobal. Agus gáirdeochuidh misi ann Ierusalem, agus solasfuidh mé ann mo phobal féin: agus ní ccluinfíghear gúth an ghola innte ní sa mhó, nó fuáim na ccomharc.
Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.
A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán.
Go nuige so níor íárrabhair ní ar bith mainmsi: íarruidh, agus do ghéubhtháoi, ionnus go mbíadh bhur ngáirdeachus lán.
Achd atáim a nois ag teachd chugadsa, agus labhraim na neithesi ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháirdeachas iomlán ionntasan.
Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir, sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe.
Diompóigh tú mó dhóbhrón a damhsa dhamh: do chuiris díom mo shaicéadach, agus do choimhcheangluis mé lé lúathgháir; Ionnus go ccanfadh mo ghlóir moladh dhuitsi, agus gan bheith am thochd. O а THIGHEARNA mo Dhía, do bhéarad buidheachus riot go bráth.
Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.
Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.
Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.
Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.
Do ní chroidhe súgach gnúis shuilbhir: acht lé dóbhrón an chroidhe bristear an spiorad.
Atáid uile láethe na daóine mbúaidheartha go holc: acht an té agá mbí croidhe súgach bí féusta gnáthach aige.
Is é gáirdeachus a nfíréin bréitheamhnus do dhéanamh: acht biáidh milleadh do lucht oibrighthe a néigcéirt.
Bí paintér a sárughadh an drochdhuine: acht canuidh an fíréun agus lúathgháiridh sé.
A ta an TIGHEARNA a ríoghacht; bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh a niomad oiléun gáirdeachus.
Déanuidh seirbhís don TIGHEARNA re lúathgháire: tigidh ós coinne a aighthe re gáirdeachus.
Dóthchus bhus lúathgháire do nfíréun: acht rachaidh furachus an drochdhuine ar meath.
Dfoirlíon tú an cineadh, agus níor mhéaduigh tú an gáirdeachus: lúathgháirid siad romhad do réir na lúathgháire annsa bhfoghmhar, már gháirdighid daóine a nuáir roinnid a néadáil.
Do fríth do bhríathra, agus a dúaigh misi íad; agus do bhí do bhríathra dhamhsa na gháirdeachus agus na lúathgháir dom chroidhe, óir do gaireadh hainmsi orum, a THIGHEARNA Día na slógh.
Acht bídís na fíréin lúathgháireach; déindís gáirdeachus ós coinne Dé: agus, bídís meanmnach lé lúathgháire.
Oír do rinne tú lúathgháireach mé, a THIGHEARNA, le hobairsi: do dhéan gáirdeachus a ngníomhuibh do lámh.
A derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.
Mar an gcéadna, a deirim ribh, Bí gáirdeachas ar ainglibh Dé trí éin pheacthach amháin do ní aithrighe.
Déunuidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar:
Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile. Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa.
Agus a dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé cloinn seomra an fhir núaphosda bheith dóbronach, an feadh bhios an té do pósadh na bhfochair? achd tiocfuidh lá ann, a dtóigéabhthar an fear núaphósda uátha, agus ann sin do dhéunaid síad trosgadh.
Agus, féuch, tugadar fear pairilise, na luighe air a leabaidh chuighe: agus an tan do chunnairc Iósa a gcreideamh a dubhairt sé re fear na pairilisi; Biódh muinighin mhaith agad a mhic; ataid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit.
Agus budh gáirdeachus agus lúathgháire dhuit é; agus biaidh lúathghaire ar mhóran fa na bhreith.
Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.
Agus ag fanmhuin, gach láoi déantoil ann sa teampoll, agus ag briseadh aráin ó thigh go tigh, do chaithdís bíadh maille lé gáirdeachas agus lé simplidheachd chroidhe,
As mór an dánachd labhairt do ním oruibh, is mór mo gháirdeachas ar bhur son: atáim lán do mheanma, is ró líonta mé do gháirdeachas ann ar nuile bhuáidhirt.
Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh.
Annsin gháirdeochus an mhaighdion annsa damhsa, na daóine óga araon agus na seanóiridhe: óir fillfidh misi a ngúbha a ngáirdeachus, agus coibhreocha mé íad, agus do bhéara mé orra sólásughadh ó na ndólás.
Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm náomhthasan.
Agus biáidh manamsa lúathgháireach annsa TIGHEARNA: do dhéanuidh sé gáirdeachus iona shlánughadh.
Anuair do thug an TIGHEARNA braighdionas Síon air ais, bá cosmhuil sinn leis a ndroing do chídh aisling. Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh. Do rinne an TIGHEARNA neithe móra linne; atamaóid lúathgháireach.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go nguilfidhe agus go gcáoinfidhe, agus go ndéana an sáoghal gáirdeachus: achd beithísi dóbrónach, gidheadh fillfidhear bhur ndóbhrón a ngáirdeachus.
Uimesin fillid fúascailtigh an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Sion maille ré céol; agus biáidh sólás suthain ar a ccionn: do gheabhuid lúathgháir agus gáirdeachus; agus teithfidh dóbrón agus dólás uatha.
Mar ag déunamh doilgheasa, achd do ghnáth ag déunamh gáirdeachais; mar bhochda, gidheadh do ní morán saidhbhir; mar dhaónibh gan ní air bith aca, gidheadh do shealbhuigheas na huile neithe.
Ná lúathgháirigh a nuáir thuitfios do námhaid, agus ná gáirdigheadh do chroidhe a nuáir do gheibh sé tuisleadh:
Agus do rinne Dáibhi damhsa as coinne an TIGHEARNA le na uile neart; agus do bhí ephod línéaduigh gabhthaum Dháibhi. Marsin thug Dáibhi agus tigh Israel uile aírc an TIGHEARNA súas maille re gártha, agus le fuáim an stuic. Agus a núair thaínic aírc an TIGHEARNA go cathruigh Dháibhi, dféach Michal inghean Shauil ar fhuingeóig, agus do chonnairc sí Dáibhi rígh ag leímnigh agus ag damhsa as coinne an TIGHEARNA; agus do tharcuisnigh sí é ann a croidhe.
As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach! óir biáidh ocras orúibh. As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá a gáirighe a nois! óir cáoifidhe agus goilfidhe.
Annsin do chífe tú, agus líonfuidhear thú, agus eaglochuid do chroidhe, agus fairseongthar é; do bhrígh go bhfilifighear chugadsa iomadamhlachd na fairge, go ttiucfaidh neart na ngeinteadh chugad.
Ann sinn a dubhairt sé ríu, Imthighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní: óir atá an láso náomhtha dar TTIGHEARNA: narab mó bhías doilghios oruibh; óir isé gáirdeachus an TIGHEARNA bhur neart.
Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Agus fillfid an mhéid fhúasglas an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeachus síorruidhe ar a cceannuibh: glacfuid síad gáirdeachus agus lúathgháir, agus teithfidh dóbrón agus osnadhach úatha.
Oír annsin biáidh do dhúil annsa Nuilechumhachdach, agus tóigfe tú do ghnúis súas chum Dé.
Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía. Ag breith bhuídheachais do shíor ré Día agus an Tathair, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, ar son na nuile neítheann;