Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 3:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 tráth goil, tráth gáire, tráth caointe, tráth rince,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Aimsir chum gola, agus aimsir chum gáire; aimsir chum dóláis, agus aimsir chum damhsa;

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 3:4
23 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.”


Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí.


Éist, a Thiarna, go trócaireach; tar, a Thiarna, i gcabhair orm.


A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó, gabhaigí buíochas lena ainm naofa.


Ansin Miriám banfháidh, deirfiúr Árón, thóg sí tiompán ina láimh agus lean na mná go léir í lena dtiompáin sa rince.


tráth scaipthe cloch, tráth bailithe cloch, tráth beirthe barróg, tráth séanta barróg,


Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.


“Sólás, beirigí sólás chuig mo mhuintir,” a deir bhur nDia.


“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”


á rá: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach níor bhuail sibh bhur n‑ucht.’


Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.


Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.


Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin.


Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.


Bígí go dearóil, ag gol is ag caoineadh. Bíodh bhur ngáire ina gol agaibh, agus bhur lúcháir ina gruaim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí