Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 3:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 tráth scaipthe cloch, tráth bailithe cloch, tráth beirthe barróg, tráth séanta barróg,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Aimsir do theilgion cloch amach, agus aimsir do chruinniughadh cloch a gceann a chéile; aimsir chum grádhuighthe, agus aimsir chum cosg ó ghrádhughadh;

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 3:5
11 Tagairtí Cros  

Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.


Dúirt sé leis an bpobal: “Bígí ullamh i gcomhair an tríú lá; fanaigí amach ó mhná!”


tráth goil, tráth gáire, tráth caointe, tráth rince,


tráth cuardaigh, tráth caillte, tráth coimeádta, tráth caite,


Cruinnigí an pobal, ordaígí tionól, bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile, fiú na naíonáin chíche féin. Imíodh an nuachéile as a sheomra agus an nuachar as a cailleach.


Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d'fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.


Le dul faoi na gréine, ar ordú Iósua, thógadar anuas de na crainn iad agus chaitheadar isteach san uaimh iad mar a ndeachadar i bhfolach. Chuireadar leacacha móra ag béal na huaimhe, agus tá siad ansiúd go dtí an lá inniu féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí