Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 14:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Sa gháire féin bíonn cumha chroí, agus sé an dobrón is críoch don lúcháir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Annsa gháire féin bí an croidhe dubhach; agus sé críoch an tsúgachais sin dóbrón.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 14:13
9 Tagairtí Cros  

Ach níl de thoradh orthu ach mar a bheadh mormónta searbh, chomh géar le claíomh dhá fhaobhar.


Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.


Arsa mise liom féin: “Seo anois, féachfaidh mé an lúcháir ort; bain aoibhneas as an bpléisiúr.” Agus féach, baois ba ea é seo freisin.


Is é a dúirt mé i dtaobh an gháire; díth céille, agus i dtaobh na lúcháire: Cén tairbhe í?


Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.


Bígí go dearóil, ag gol is ag caoineadh. Bíodh bhur ngáire ina gol agaibh, agus bhur lúcháir ina gruaim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí