Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Cóheilit 7:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Is fearr gol ná gaire mar is fearrde an croí gnúis ghruama.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Is féarr doilghios ná gáire: óir le dubhachus na gnúisi do nithear an croidhe ní is féarr.

Féach an chaibidil Cóip




Cóheilit 7:3
21 Tagairtí Cros  

Sular crádh mé chuaigh mé ar seachrán; ach anois coimeádaim do bhriathar.


Is méanar dom go raibh mé do mo chrá; ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna.


Is é a dúirt mé i dtaobh an gháire; díth céille, agus i dtaobh na lúcháire: Cén tairbhe í?


Bíonn croí an eagnaí i dteach an chaointe agus croí an amadáin i dteach an tsuilt.


“Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh. “Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire.


“Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh. “Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol.


An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan á thuilleamh aige dúinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí