Cóheilit 7:2 - An Bíobla Naofa 19812 Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 ¶ Is féarr dul go tigh an doilghis ná, dul go tigh a nféasta: óir isé sin críoch dheighionach gach áonduine; agus cuirfidh an béo le na chroidhe é. Féach an chaibidil |
Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.
I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.