Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.
Ann sinn a dubhairt sé ríu, Imthighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní: óir atá an láso náomhtha dar TTIGHEARNA: narab mó bhías doilghios oruibh; óir isé gáirdeachus an TIGHEARNA bhur neart.
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir, sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe.
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Déanuidh seirbhís don TIGHEARNA re lúathgháire: tigidh ós coinne a aighthe re gáirdeachus.
Go nuige so níor íárrabhair ní ar bith mainmsi: íarruidh, agus do ghéubhtháoi, ionnus go mbíadh bhur ngáirdeachus lán.
An tí dhá dtughabhair grádh, bíodh nach bhfacabhair é; ann a bhfuil sibh a nois ag creideamh, gé nach léir dhibh é, agus as a ndéuntaói gairdeachas ré lúathgháire dhófhaisnéis ghlórmhar: Ag glacadh chríche bhur gcreidimh, sláinte na nanmann.
Eígh súas agus gáir, thusa a áitreabhach Síon: óir is mór Aon Náomhtha Israel ad mheadhón.
Foghnuidh croidhe súgach amhuil leighios: acht tiormuighidh spiorad briste na cnámha.
Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.
Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir.
Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh.
Do chuiris lúathgháir ann mo chroidhe ní is mo ná a nuáir do mhéuduigh a narbharsan agus a bhfíon.
¶ Má atá nach bláthann an crann fíge, agus nach mó bhías toradh annsa bhfíneamhuin; fáilleachuidh sáothar crainn na holá, agus ni thiubhruid na machaireadha biadh ar bioth úatha; gearrfuighear an tréud amach ón máinrigh, agus ní bhiáid ealbha ar bioth annsua stalladhuibh: Thairis sin gáirdeocha misi annsa TIGHEARNA, sólásfuidh mé a Ndía mo shlánuighthe.
A dhearbhráithre, measuidh na ró gháirdeachas an tan thuitfeas sibh a gcaithighthibh éugsamhla; Oír ní oibrigheann fearg dhuine fíréuntachd Dé. Uime sin ar gcur úaibh na huile neamhghloine agus iomarcuidh mailíse, gábhuidh chúguibh maille ré ceannsachd an bhríathar atá ar na plánndughadh ionnuibh, ler féidir bhur nanmanna shlánughadh. Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin. Oír da néisdigh éinneach ris an mbréithir, agus nach déun sé dhá réir, as cosmhuil é ré duíne bhíos ag breathnughadh a ghnúise nadúrtha a sgathán: Oír ar na bhreathnughadh féin dó, imthighe roimhe, agus ar ball dearmaduigh sé créd bá é a chosamhlas féin do dhuinne. Achd an tí fhéuchas go grinn ar reachd diongmhálta na saóirse, agus chomhnuigheas ann, do bhrígh nach fear éisdeachda dearmadach é, achd fear gníomha do dhéunamh, biáidh sé beannuighe ann a ghníomh féin. Má atá aóinneach eadruibh lér cosmhuil bheith ríaghalta, agus nach ccuireann srían ré na thanguidh, achd bhíos ag mealladh a chroidhe féin, as diomhaóin ríaghail an tíse. Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadnuise Dé agus a Nathar, Eadhon dul dféuchain na ndileachdadh agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neach é féin do choimhéud gan cháidhe ón tsáoghal. Ar mbeith a fheasa aguibh, noibhrigheann dearbhadh bhur gcreidimh foighid.
Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé. Achd tháinic an dligheadh, ionnus go méidéochthaói an choir. Achd sa bhall ar mhéuduigh an peacadh is ann rug an grás bárr: Ionnus dó réir mar do thighearnuigh an peacadh chum báis, go dtighearnóchadh grás mar an gcéudna tré fhiréantachd chum na beatha marthanuighe tré Iosa Críosd ar Dtighearna. Agus ní hé amháin, achd do nimid gáirdeachus mar an gcéadna a dtrioblóidibh: do bhrígh go bhfuil a fhios aguinn go noibrigheann an trioblóid foighid;
Oír rachthaóisi amach maille re meanmuin, agus béarthar amach sibh maille re síothcháin: brisfid na sléibhte agus na cnoic amach romhuibh a gceól, agus buáilfid uile chranna an mhagha a lámha.
Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.
Fágbhuim síodhchain aguibh, do bheirim mó shíodhcháin féin dhaóibh: ní mar do bheir an sáoghal, do bheirimsi dhaóibh. Ná buaidhearthar bhur ccroidhe, agus ná bíodh eagla air,
Biaidh mé lúathgháireach agus gáirdeochad ionadsa: canfad moladh dod ainm, ó thusa is ro áirde.
Lúathgháirighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna; agus moluidh cuimhne a náomhthachda.
Agus ag fanmhuin, gach láoi déantoil ann sa teampoll, agus ag briseadh aráin ó thigh go tigh, do chaithdís bíadh maille lé gáirdeachas agus lé simplidheachd chroidhe, Ag moladh Dé, agus ag fagháil ceana ón phobal uile. Agus do chuir an Tighearna leis a neagluis gach láoi, an dream do sláinéochtháoi.
Agus biáidh manamsa lúathgháireach annsa TIGHEARNA: do dhéanuidh sé gáirdeachus iona shlánughadh.
¶ Canuidh, a fhlaitheasa; agus bí súgach, a thalaimh; agus a shléibhte, brisidh amach a ccéoil: óir do chobhruigh an TIGHEARNA a phobal, do dhéana sé grása air a thrúaghaibh.
Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mаr an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía. Ag breith bhuídheachais do shíor ré Día agus an Tathair, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, ar son na nuile neítheann;
Is beannuighe na daóine dar baithne a nfuáim gháirdeach: a THIGHEARNA, siubholuid, a solus do ghnúise. Do dhéanaid gáirdeachus ann hainmse air feadh an laói: agus ann thfíréantachd áirdeochthar íad.
Dóthchus bhus lúathgháire do nfíréun: acht rachaidh furachus an drochdhuine ar meath.
Achd cheana na bíodh gáirdeachas oraibh, ar son go bhfuilid na spioraididhe fá bhur smachd; achd go madh mó bhiás gairdeachas oruibh fá go bhfuilid bhur nanmanna sgríobhtha ar neamh.
Cred fa tteilgthear sios thú, ó manam? agus cread fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfad é fós ar son sláinte a aighthe.
Ionnus go madh héidir leam teachd chugaibhse maille ré gáirdeachus do thoil Dé, agus furtachd dfagháil dhamh má ráon ribh.
Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile. Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa.
Is sona na daóine, atá annsa riochdsa: as sona na daóine, gha bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca.
Acht bídís na fíréin lúathgháireach; déindís gáirdeachus ós coinne Dé: agus, bídís meanmnach lé lúathgháire.
Déunuidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh.
Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.
Do fríth do bhríathra, agus a dúaigh misi íad; agus do bhí do bhríathra dhamhsa na gháirdeachus agus na lúathgháir dom chroidhe, óir do gaireadh hainmsi orum, a THIGHEARNA Día na slógh.
Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.
Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh.
Bíodh gáirdeachus air na neamhuibh, agus déanadh an talamh lúathghaír: agus abradh dáoine eidir na cineadhachaibh, Atá an TIGHEARNA a ríghe.
Déindís na flaitheamhnuis gáirdeachus, agus bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh an mhuir búireadh, agus gach a bhfuil inte. Lingiodh an magh le lúathgháire, agus a bhfuil ann: annsin lúathgháirfid croinn na coilleadh
Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadighthear an TIGHEARNA.
Is cumhachtach an TIGHEARNA do Dhía ann do lár: tárthocha sé, gáirdeocha sé ós do chionnsa lé lúathghair; coimhneocha sé ann a ghrádh, gáirdeocha sé ós do chionn le caintic.
Achd atáim a nois ag teachd chugadsa, agus labhraim na neithesi ar a tsáoghal, ionnus go mbíadh mo gháirdeachas iomlán ionntasan.
Bí paintér a sárughadh an drochdhuine: acht canuidh an fíréun agus lúathgháiridh sé.
Canaidh do Dhía, canaidh psalm dha ainm: árduighidh an té do ní marcuigheachd ar na flaithís re na ainm IAH, agus deanuidh gáirdeachus ós a choinne.
Acht bíthíse lúathghaireach agus gáirdighidh go síorruidhe annsa ní chruthaighim: óir, féuch, cruthuighim lúathgháir Dierusalem, agus sólás dá pobal.
Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.
Tuilleadh eile, a dhearbhraithre, déunuidh gáirdeachas sa Dtíghearna. Go deimhin ní léisg leam na neither céudna do sgríobhadh chuguibh, agus as ní sabhálta dhíbhse é.
Oír do rinne tú lúathgháireach mé, a THIGHEARNA, le hobairsi: do dhéan gáirdeachus a ngníomhuibh do lámh.
Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm náomhthasan.
Agus do ghuidh Hannah, agus a dubhairt, Atá mo chroidhe solásach annsa TIGHEARNA, do hárduigheadh madharc annsa TIGHEARNA; do fairsingeadh mo bhéul ós cíonn mo námhad; do chionn go ngáirdighim ann do shlánughadhsa.
Canuidh don TIGHEARNA, beannuighidh a ainm; foillsighidh a shlánughadh ó ló go ló. Innsighidh a measg na ngeinteadh a ghlóir, a ionganta a measg na nuile phoibleach.
Uime sin, a dhearbhraithre dílghrádhacha dá bhfuil toil mo chroidhe, mo sholas agus mo choróin, seasuidh mar so sa Dtíghearna, a dhearbhráithre dílghradhacha.
A tá manam fonnmhar, mar an ccéadna ag meirtniughadh re dúil a ccúirtibh an TIGHEARNA: gáirigh mo chroidhe ag mfeóil amach chum an Dé bhí.
Bíthí meanmnach maseadh, a chlann Sion, agus lúathghairighidh annsa TIGHEARNA bhur Ndía: óir thug sé an cheidfhearthuinn díbh go measardha, agus do bheara sé air an bhfearthuinn teachd a núas chugaibh, an cheidfhearthuinn, agus a nfearthuinn dheighionach annsa chéidhmhí.
Do ní chroidhe súgach gnúis shuilbhir: acht lé dóbhrón an chroidhe bristear an spiorad.
Agus annsin racha mé go haltóir Dé, go nuige Día luathgháir mo gháirdeachuis: agus, molfad thú ar an ccláirsigh, ó a Dhé mo Dhía.
Agus ar na mbreith leis dó dhá thigh féin, do chuir sé bhiadh na bhfíadhnuisi, agus do rinne sé gairdeachus, é féin agus a thigh uile ag creideamh a Ndía.
As mór an dánachd labhairt do ním oruibh, is mór mo gháirdeachas ar bhur son: atáim lán do mheanma, is ró líonta mé do gháirdeachas ann ar nuile bhuáidhirt.
Dfoirlíon tú an cineadh, agus níor mhéaduigh tú an gáirdeachus: lúathgháirid siad romhad do réir na lúathgháire annsa bhfoghmhar, már gháirdighid daóine a nuáir roinnid a néadáil.
Sáiseochthar manam mar budh le méathus agus le smior; agus re puisinibh gairdeacha mholfas mo bhéul thú: A núair chuimhnighim ort air mo leabuidh, agus annsa noidhche fhaire mar smuáinim ort. Do bhrígh go rabhuis mar chabhair agam, agus do dhéan gáirdeachus a sgáile do sciathán.
Do ghrádhuigh tú fíréuntachd, agus dfúathaigh tú éaigceart: air a nadhbharsin do ungaidh Día, do Dhía fein, thú le hola luathgháire ós cionn do chompánach.
Agus fós éideochuidh mé a sagairt ré slánughadh: agus do dhéanaid a naóimh gáirdeachus ré lúathgháire.
Canuidh, a neamha; óir do rinne an THIGHEARNA é: gáiridh, a chodcha íochtaracha na talmhan: brisigh amach a cceol, a shléibhte, a fhoraóis, agus gach crann ionnad: óir dfúasgail an TIGHEARNA Iácob, agus do ghlóruidh sé é féin a Nísrael.
A derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.
Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas.
Agus fillfid an mhéid fhúasglas an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Síon maille re céol agus re gáirdeachus síorruidhe ar a cceannuibh: glacfuid síad gáirdeachus agus lúathgháir, agus teithfidh dóbrón agus osnadhach úatha.
Annsin gháirdeochus an mhaighdion annsa damhsa, na daóine óga araon agus na seanóiridhe: óir fillfidh misi a ngúbha a ngáirdeachus, agus coibhreocha mé íad, agus do bhéara mé orra sólásughadh ó na ndólás.
Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm.
Agus a déarthar annsa lósin, Féuch sé so ar Ndía; do fheitheamar air, agus sláineocha sé sinn: sé so an TIGHEARNA; do fheitheamair air, agus bíam lúathghaireach agus gáirdeochum iona shlánughadh.
Do dhéanaid na cineadhacha lúathgháire agus béid gáirdeach: óir do dhéanair breitheamhnus air na daóinibh go ceart, agus tréorochuir na cineadhacha aír talamh. Selah.
Oír as sinne an timchillghearradh, noch do ní seirbhís do Dhía a sbíoruid, agus do ní gáirdeachas a Níosa Críosd, agus nach ccuireann ar muinighin sa bhfeóil.
Eadhon gach uile dhuine da ngoirthear am ainmsi: óir do chruthaigh mé é ar son mo ghlóire, do chum mé é; fós, do rínne mé é.
Uime sin atá mo chroidhe lúathgháireach, agus gáirdighidh mo ghlóir: coimhneochuidh mo cholann mar an ccéadna a ndóthchus.
Buailidh bhur mbasa, sibhsi uile a phobal; déanuidh gáirdeachus chum Dé re guth caithréime.
Agus annsa ló sin déaras tusa, A THIGHEARNA, molfa mé thú: má tá go raibh tú feargach riom, do filleadh thfearg uáim, agus do chomhfhurtuigh tú mé.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Chor go ttaisbeanfuinn do mholadh uile a ngeatadhuibh inghine Sion: gáirdeocha mé ann do shlánughadh.
Ase an TIGHEARNA mo neart agus mo dhan, agus do bhí sé na thártháil damh: is eision mo Dhía, agus do dhéana mé áit comhnuighe ullmhughadh dhó: Día mathar, agus airdeocha me é.
Tigeadh do thrócaire chineulta chugam, ionnus go mairfinn: óir isé do dhligheadh mo dhúil.
Agus ar na rádh so dhó, do thaisbéin sé a lámha agus a tháobh dhóibh, Uime sin do bhí gáirdeachus ar na deisciobluibh, an tan do chunncadar an Tighearna.
Ní hé gur tighearnuidhe sinn ar bhur gcreideamhsa, achd luchd cungnanta sinn do bhur ngáirdeachas: oír is tré chreideamh sheasus sibh.
Déanadh slíabh Síon gáirdeachus, bídís ingheana Iúdah fólásach, do bhrígh do bhreitheamhnusa.
Agus atá a fhios dearbhtha so agum go bhfanfad agus go ndéunad comhnuidhe bhur bhfochairse uile, chum sibhse chur ar bhur nadhuigh, agus chum gáirdeachais créidimh;
Agus is annsin iostaói a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA bhur Ndía, agus do dhéantaoi gáirdeachus ion gach uile ni dá ccuirfighe bhur lámh ann, sibh féin agus bhur muinntir, mar ar bheannuigh an TIGHEARNA bhur Ndía sibh.
Uimesin fillid fúascailtigh an TIGHEARNA, agus tiucfuid go Sion maille ré céol; agus biáidh sólás suthain ar a ccionn: do gheabhuid lúathgháir agus gáirdeachus; agus teithfidh dóbrón agus dólás uatha.
A ta an TIGHEARNA a ríoghacht; bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh a niomad oiléun gáirdeachus.
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion.
Canfad trócaire an TIGHEARNA go bráth: foillseóchad thfírinne lém bhéul ó ghinealach go ginealach. Do bhris tú Rahab a mblodhibh amhuil duine ar na sháthadh thríd; lé láimh do neirt do spréidh tú do naimhde. Is leatsa na flaitheamhnuis, agus fós is leacht an talamh: an saoghal agus a iomláine sin, do shuighidh tusa íad. Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm. Atá rígh neartmhar agad: is láidir do lámh, agus is árd do dheaslámh. Ceart agus breitheamhnus is suigheadh dot chathaóir ríogha: rachaidh trócaire agus fírinne ós coinne haighthe. Is beannuighe na daóine dar baithne a nfuáim gháirdeach: a THIGHEARNA, siubholuid, a solus do ghnúise. Do dhéanaid gáirdeachus ann hainmse air feadh an laói: agus ann thfíréantachd áirdeochthar íad. Oír is tusa glóir a neirt: agus ann thfadhbhar áirdeochthar ar nadharc. Oír is ón TIGHEARNA atá ar scíath; agus isé ar rígh Aon Náomhtha Israel. Annsin do labhair tú a ttaidhbhsi red náomhuibh, agus dubhairt tú, Do chuir mé furtachd ar dhuine chumhachtach; dárduigh mé neach toghtha as an bpobal. Oír a dubhairt mé, Cuirfighear trócaire súas go bráth: daingneochaidh tú thfírinne fós annsna flaithis.
As a núas atá gach deaghthabhartus agus gach tíodhlacadh diongmhálta, ag teachd ó Athair na soillse, ar nach dtéid athrughadh, ná fíu sgáile cláochlóigh.
Canuidh psailm do Dhía, canaidh psailm: canaidh moladh dár Rígh, canaidh moladh. Oír isé Día Rígh na talmhan uile: canaidh moladh go héolgach.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtighearna Iósa Críosd, noch do bheannuidh sinn lé gach uile bheannachdadh sbioralta sna neíthibh neamhdha a Gcríosd:
Agus ar na onóruighadh dhóibhsean, dfilleadar go Híarusalém maille le gáirdeachus mór: Agus do bhídis do ghnáth ann sa teampoll, ag moladh agus ag beanughadh Dé. Amen.
Bíodh nar fhág sé é féin gan fhíadhnuise, ag déunamh maitheasa, ag tabhairt feathanna dhuinn ó neamh, agus seusúir thórthaigh, ag líonadh ar gcroidheadh do bhíadh agus do gháirdeachus.
Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.
Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.
Cred fa tteilgionn tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfad é fós, sláinte maighthe, agus mo Dhía.
Agus a bhuidhe ré Día, do bheir fa deara dhúinn buáidh do bhreith a gcomhnuidhe a Gcríosd, agus fhoillsigheas baladh a éolais féin thrídne sa nuile áit.
Marso bheinneochad thú an feadh mhairfiod: ann thainm tóigfiod súas mo lámha. Sáiseochthar manam mar budh le méathus agus le smior; agus re puisinibh gairdeacha mholfas mo bhéul thú:
Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
Moluidh an TIGHEARNA. Canuidh don TIGHEARNA caintic núadh, bíodh a mholadh a gciomhthionól na náomh.
Agus móruighedís é a gcoimhthionól na ndaóine, agus a nionad súighe na sinnsior molaidís é.
Molfa mé thú lem uile chroidhe: ós coinne na ndée canfa mé salm dhuit. Do dhéana mé adhra chum páláis do náomhthachta, agus molfa mé hainm ar son do thrócaire agus thfírinne: óir do mhóraidh tú do bhríathar red ainm uile.
Muna bheith gur bé do dhligheadh mo ro thaitneamh, annsin do mheithfinn ann mo bhuáidhreadh.
Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.
Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid; Ag lábhairt ré chéile a salmuibh agus a bhfonnuibh diagha, agus a gcaintighibh sbioradálta, ag seinm agus ag déunamh ceóil do Tíghearna ann bhur gcróidhthibh. Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía. Ag breith bhuídheachais do shíor ré Día agus an Tathair, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, ar son na nuile neítheann;
Sólásaighear duine le freagra a bhéil féin: agus an focal labharthar iona am féin, cred é méud a mhaitheasa!
Achd go madh haóibhinn libh, sibh féin fo bheith pártach ré buáidhearthuibh Chríosd; ionnus, go mbiáidh gáirdeachas agus meanma mhór oruibh mar an gcéudna, an tan fhoillséochar a ghlóirsion.
Agus do rinneadh luchd leanmhana dhúinne, agus don Tíghearna dhíbh, ar ngabháil na breithre chuguibh a mbuáidhirt mhóir, maille ré gairdeachas an Sbiorad Naóimh: