Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 do mheasas féin, tar a éis dom gach uile nidh do bhreathnú go cruinn ó thosach, go mba dhual damh‐sa iad do scríobhadh i n‐eagar duit‐se, a Théofiluis uasail;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 chonacthas domsa freisin, a bhfuil cuimse ama caite agam á ndlúthlorgaireacht, go mbʼfhiú a scríobh síos i ndiaidh a chéile do bhur soilsese, a Théophilas,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Chonnacthas dámh-sa fosta, a Theoifil oirdheirc, i ndiaidh fios d’fhagháil go díbhirceach ar gach nídh ó thús báire, go scríobhfainn duit iad as éadan a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Do chonncas damhsa mar an gcéudna, a Theophilus ro oirdheirc, ar bhfagháil feasa iomlan gach uile neithe ó na bhfíorthosach dhamh, a sgríobhadh chugadsa a nórdughadh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Cheapas féin go bhféachfainn isteach go cruinn ionta go léir ó thusach agus go ndéanfainn iad do sgrí síos i ndiaidh chéile dhuit-se a Théophiluis uasail,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duit-se, a Theofal ró-uasail,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:3
17 Tagairtí Cros  

Ó tharla go dtug mórán iarracht fá chunntas do chur le chéile ar na neithibh go bhfuil lán‐eolas againn ortha,


Do‐rinneas an chéad tráchtas, a Théofiluis, ar gach ar thionnscain Íosa do dhéanamh agus do theagasc,


Acht do thosnuigh Peadar ar an scéal do mhíniú dhóibh tríd síos, g‐á rádh,


D’á bhrigh sin, is é mo bhreitheamhnas‐sa, gan buadhirt do chur ortha‐san iompuigheas chum Dé i measc na gCineadhach;


do shocruigheamar d’aon toil ar fhearaibh do thoghadh, agus ar iad do chur chugaibh i n‐éinfheacht le n‐ár gcáirdibh ionmhaine, Barnabas agus Pól,


Óir is toil leis an Spiorad Naomh, agus linne, gan ualach níos truime ’ná an méid seo do chur oraibh;


Agus tar a eis do tamall do chaitheamh annsin, d’imthigh sé, agus do ghluais sé ar fud réigiúin Ghalátia agus Frigia i ndiaidh a chéile, ag neartú na ndeisceabal go léir.


Claudius Lusias chum an árd‐riaghlóra ró‐uasail, Féilics, beatha agus sláinte.


glacaimíd i gcómhnaidhe é agus ins gach áit le lán‐bhuidheachas.


D’fhreagair Pól, Ní h‐as mo mheabhair atáim, a Fhéstuis oirdheirc; acht is ag labhairt briathar na fírinne agus na céille atáim.


Acht i dtaobh an bhráthar Apollos, d’impidheas go dian air teacht chugaibh i n‐éinfheacht leis na bráithribh: agus ní raibh fonn dá laighead air teacht anois; acht tiocfaidh sé nuair bhéas faill aige chuige.


Acht do réir mo thuairime‐se, do b’aoibhnighe dhi dá bhfanadh sí mar tá sí; agus measaim‐se, leis, go bhfuil Spiorad Dé agam cómh maith le duine.


Má chuireann tú na neithe seo i gcuimhin do na bráithribh, béidhir id’ sheirbhíseach maith d’Íosa Críost, oilte as briathraibh an chreidimh agus as an deagh‐theagasc d’ár leanais go dtí anois.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí