Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 de réir mar atá siad tabhartha dhúinn aca‐san dc chonnaic ó thosach le n‐a súilibh iad, agus do bhí ’n‐a seirbhíseachaibh do’n bhriathar,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 de réir na faisnéise a fuaireamar air ón drong úd a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl agus ina bhfreastalaithe boird don bhriathar,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Do réir mar fuaireamar iad uatha sin a bhí ó thús iad féin ina bhfiadhnaisigh agus ina bhfriothálaidhthe ar an bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Do réir mar thugadar na dáoine do chonnairc lé na súilibh rein ó thús, agus do bhí ag miniosdrálachd na bréithre, dhúinne íad;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Fé mar a tugadh dúinn iad, ó sna daoine a chonaic iad le n-a súilibh agus do dhein friothálamh ar an gcaint,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:2
25 Tagairtí Cros  

Tosach soiscéil Íosa Críost, Mic Dé.


Agus d’imthigheadar‐san, agus do chraobhscaoileadar ins gach uile áit, an Tighearna ag cómhoibriú leo, agus ag neartú an bhriathair leis na cómharthaibh do lean é.


An síol chuireas an síoladóir, is é an briathar é.


Agus is fiadhnaisí sibh‐se ar na neithibh sin.


agus do‐bheir sibh‐se, leis, fiadhnaise, óir atá sibh im’ fhochair ó thosach.


Acht d’inniseas na neithe sin daoibh chum go gcuimhneochaidh sibh ar a ndubhairt mé libh, nuair thiocfas an t‐am. Acht níor inniseas na neithe sin daoibh ó thosach, toisc go rabhas‐sa ’n‐bhúr bhfochair.


d’ar thaisbeán sé é féin beo i ndiaidh a pháise, le n‐a lán deimhniú, d’á thaidhbhsiú féin dóibh i gcaitheamh dá fhichid lá, agus ag labhairt ar na neithibh do bhain le ríoghacht Dé:


Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain.


Agus tar a éis dóibh an briathar do labhairt i bPérgé, do chuadar síos go h‐Attalia;


Agus do chuadar tré chrích Frigia agus Ghalácia, an Spiorad Naomh g‐á gcosc ar an mbriathar do labhairt san Áise;


Agus bhíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ghlacadas an briathar go díoghraiseach, ag cuardach na scrioptúir gach lá d’fhéachain an raibh na neithe sin amhlaidh.


Acht éirigh, agus seas ar do chosaibh: óir is chuige seo do thaisbeánas mé féin duit, chum go n‐órdóchainn thú id’ sheirbhíseach agus id’ fhiadhnaidhe ar na neithibh do chonnaicis, agus ar na neithibh ’n‐a nochtfaidh mé mé féin duit;


óir ní féidir linne gan labhairt i dtaobh a bhfacamar agus a gcualamar.


Acht an méid díobh do scaipeadh d’imthigh siad rómpa ag craobhscaoileadh an bhriathair.


an grás ó Dhia tugadh dhom, go mbéinn im’ mhinistir ag Íosa Críost chum na gCineadhach, ag miniostrálacht soiscéil Dé, chum go mbéadh na Cineadhaigh ’n‐a n‐íodhbairt thaithneamhaigh, agus naomhuighthe thríd an Spiorad Naomh.


Bíodh an meas ag daoinibh orainn bhíos aca ar mhaoraibh rúindiamhaír Dé.


cionnas éalóchaimíd‐ne má dhéanaimíd faillighe i slánughadh chómh mór sin? do fógruigheadh ar dtús tríd an Tighearna, agus do dearbhuigheadh dhúinn tré na daoinibh do chuala é;


Iarraim d’athchuinghe ar na seanóiribh ’n‐bhur measc, mise atá im’ sheanóir, chómh maith, agus im’ fhiadhnaidhe ar ar fhulaing Críost, agus im’ rannpháirtidhe, leis, de’n ghlóir foillseochar:


Óir ní finn‐scéalta fighte go cliste do leanamar nuair chuireamar i bhfios daoibh cumhacht agus teacht ár dTighearna Íosa Críost, acht is amhlaidh chonnacamar a mhórdhacht le n‐ár súilibh féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí