Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Do chonncas damhsa mar an gcéudna, a Theophilus ro oirdheirc, ar bhfagháil feasa iomlan gach uile neithe ó na bhfíorthosach dhamh, a sgríobhadh chugadsa a nórdughadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 chonacthas domsa freisin, a bhfuil cuimse ama caite agam á ndlúthlorgaireacht, go mbʼfhiú a scríobh síos i ndiaidh a chéile do bhur soilsese, a Théophilas,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Chonnacthas dámh-sa fosta, a Theoifil oirdheirc, i ndiaidh fios d’fhagháil go díbhirceach ar gach nídh ó thús báire, go scríobhfainn duit iad as éadan a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 do mheasas féin, tar a éis dom gach uile nidh do bhreathnú go cruinn ó thosach, go mba dhual damh‐sa iad do scríobhadh i n‐eagar duit‐se, a Théofiluis uasail;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Cheapas féin go bhféachfainn isteach go cruinn ionta go léir ó thusach agus go ndéanfainn iad do sgrí síos i ndiaidh chéile dhuit-se a Théophiluis uasail,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duit-se, a Theofal ró-uasail,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:3
17 Tagairtí Cros  

O a THIGHEARNA ar Ndía, do rinnis iomad dot oibreachaibh iongantacha, agus dot smuaintighibh dhúinne: ní féidir do neach a ccunntas duitsi a nórdughadh: dá bhfoillseochuinn íad agus a labhairt, is mó íad ná is féidir áireamh.


Na neithesi do rinnis, agus do bhí misi am thochd; agus do shaóilis go mbéinn cosmhuil riot féin go hiomlán: achd do bhéar achmhusán duit, agus cuirfead na neithesi a nórdughadh ós coinne do shúl.


Chor go ttiubhruinn ort fios dearbhthachta fhocal na fírinne do bheith agad; ionnus go bhféadfa freagra bríathar na firinne do thabhairt ar an muinntir chuirios fios chugad?


Agus tuilleamh fós, do bhrígh go raibh an seanmóntuigh glic, do mhúin sé éolus do ghnáth don phobal; thug sé fós aire mhaith, agus do spíon sé amach, agus do chuir móran seanfhocal a nórdughadh.


Do bhrígh gur ghabhadar mórán do láimh sdair do sgríobhadh air na neithibh agá bhfuil a sáirfhios aguinne,


Do rinne mé an céudleabhar, a Theophilus, a dtimcheall gach uile neithe do thionnsgain Iósa do dhéanamh agus do theagasg,


Agus ar dtionnsgnamh do Pheadar, dfoillsigh sé án tiomlán a nordúghadh dhóibh, ag rádh,


Uime sin measuimsi, nach cóir míshuáimhneas do chur air a ndreim do na Cineadhachuibh, dfill chum Dé:


Do chonncas dúinn, air tteachd déuntoil a gceann a chéile, dáoine tóghtha do chur chugaibhsi má ráon ré ar mbráithribh grádhacha Barnabas agus Pól,


Oír do chonncas don Spiorad Náomh, agus dúinne, gan ni as mó dúalach do chur oruibh ná na neithe ríachdanachaso;


Agus ar fanmhuin dó ar feadh tamuill do imthigh sé roimhe, agus do shiobhuil sé a nórdughadh ar feadh chríche na Galátia agus Phrígia, ag neartughadh na ndeísciobal uile.


Beatha agus sláinte ó Chlaudius Lísias chum a nárdúachdaráin ro oidheirc Félics.


A Fhélix ro oirdheirc, admhamáoid go follus, agus an gach áonáit, maille ré gach uile bhuidheachas, go bhfuilmíd ag fagháil iomud siódhchana thriódsa, agus go bhfuilid mórán do neithibh tré do ghliocasa ar na gceartughadh a measg an chinidhsi.


A dubhairt Pól an tan sin; A Fhéstuis ro oidheirc, ní bhfuilimse ar buile; achd labhruim bríathra na fírinee go céillighe.


Agus a dtáobh ar ndearbhráthar Apollós, do shir mé go dithcheallach air teachd chugaibhse maille ris na dearbhráithribh, achd ni raibh a aigneadh ar éanchor ré theachd a nuáirse; gidheadh tiucfuidh sé an tan ghéubhus sé an iomchubhaidh.


Achd do réir mar sháoilimse, as mó is beannaighe í da nanaidh sí mar sin: agus is dóigh leamsa go bhfuil Spiorad Dé agum féin.


Dá gcuiridh tú na neithesi a gcéill do na dearbhráithribh, biádh tú ad mhinisdir mhaith Diósa Críosd, ar mbeith dhuit oilte a mbríathruibh an chreidimh agus an teagusg mhaith, dár lean tú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí