Matha 9:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’éirigh Íosa, agus do lean sé é, mar aon le n‐a dheisceablaibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼéirigh Íosa gur lean sé féin agus a dheisceabail é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’éirigh Íosa, agus lean sé é le n-a dheisciobail. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar neírghe Diósa, do lean sé féin, agus a dheisgiobail é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’eirigh Íosa agus do lean sé é, mar aon le n-a dheisgiobulaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼéirigh Íosa agus lean sé féin agus a dheisceabail é. An Bíobla Naofa 1981 D'éirigh Íosa agus lean é, é féin agus a dheisceabail. |
Le linn cainnte dhó, féach, tháinig uachtarán chuige, agus do shléacht sé dhó, agus adubhairt, Atá m’inghean tar éis báis anois díreach, acht tar agus cuir do lámh uirthi, agus mairfidh sí beo.
Agus féach, tháinig bean, ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus do chuimil sí le fabhra a bhrait: óir adubhairt sí ’n‐a h‐intinn fein,
Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh.
cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis.