Ní labharfad mórán eile libh, óir atá prionnsa an tsaoghail seo ag teacht: agus ní fhuil baint ar bith aige liom‐sa;
Matha 4:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do threoruigh an Spiorad Íosa isteach sa bhfásach chum go gcuirfeadh an diabhal cathú air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a bhí Íosa á threorú ag an Spiorad Naomh amach ar an bhfásach ionas go gcuirfeadh an diabhal cathú air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin threoruigh an Spiorad Íosa isteach san fhásach chun cathuighthe an diabhail a sheasamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do threóruigh an spiorad Iósa gus an bhfásach do chum go gcuirfeadh an díabhal cathughadh air. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do sheól an Spioraid Íosa isteach sa bhfásach chun go gcurfaí cath air ó’n ndiabhal. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin, seoladh Íosa isteach sa bhfhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. An Bíobla Naofa 1981 Ansin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. |
Ní labharfad mórán eile libh, óir atá prionnsa an tsaoghail seo ag teacht: agus ní fhuil baint ar bith aige liom‐sa;
Agus nuair thángadar aníos as an uisce, d’fhuaduigh Spiorad an Tighearna Pilib; agus ní fhaca an coillteánach as sin amach é, óir d’imthigh sé ar a bhóthar agus árd‐áthas air.
Óir do réir mar fhulaing sé féin cathuighthe, is eadh is fearr fhéadann sé fóirithin ar na daoinibh go gcurtar cathuighthe ortha.
acht is amhlaidh curtar cathú ar gach duine nuair tharraingeas agus bhréagas a ainmhianta féin é.