Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eabhraigh 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 D’á bhrigh sin is mó is cheart dúinn aire dhúthrachtach do thabhairt do na neithibh do chualamar, ar eagla go rachaimís ar fán uatha.

2 Óir má d’fhan an briathar d’fhógair na h‐aingle seasmhach, agus go bhfuair gach cionnta agus easumhlacht cúiteamh;

3 cionnas éalóchaimíd‐ne má dhéanaimíd faillighe i slánughadh chómh mór sin? do fógruigheadh ar dtús tríd an Tighearna, agus do dearbhuigheadh dhúinn tré na daoinibh do chuala é;

4 Dia ag deimhniú a bhfiadhnaise le cómharthaibh, agus le h‐iongantaisibh, agus le míorbhailtibh éagsamhla, agus le tíodhlaicthibh an Spioraid Naoimh, do réir a thola féin?

5 Óir ní d’ainglibh thug sé ceannas an tsaoghail atá le teacht, ar a bhfuilmíd ag trácht.

6 Acht thugadh fiadhnaise i n‐áit éigin, ’g‐á rádh, Créad é an duine, go gcuimhnigheann tú air? Nó mac an duine, go dtagann tú chuige?

7 Do rinnis níb’ ísle ’ná na h‐aingle é, ar feadh tamaill bhig; Do chuiris coróin glóire agus onóra air, Agus do chuiris os cionn oibreach do lámh é

8 Do chuiris gach uile nidh fá n‐a chosaibh. Óir, ag cur an uile nidh fá n‐a cheannas dó, níor fhág sé einnidh gan bheith curtha faoi. Acht ní fheicimíd anois gach nidh fá n‐a cheannas aige fós.

9 Acht chímíd Íosa, do rinneadh níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feadh tamaill bhig, chímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’fhulang, chum, tré ghrása Dé, go mblaisfeadh sé bás ar son gach uile dhuine.

10 Óir ba chuibhe do’n té, gur dó atá an uile nidh, agus gur tríd atá an uile nidh, ag tabhairt móráin clainne chum glóire dhó, príomh‐ughdar a slánuighthe d’fhoirbhiú tré n‐ar fhulaing sé.

11 Óir an té naomhuigheas agus na daoine naomhuightear, is ó ughdar amháin tháinig siad: uime sin ní nár leis bráithre do thabhairt mar ainm ortha,

12 g‐á rádh, Fógróchad d’ainm dom’ bhráithribh, Canfad do chlú i lár an choimhthionóil.

13 Agus arís, Cuirfead mo mhuinighin as. Agus arís, Féach, mise agus an chlann thug Dia dhom.

14 D’á bhrigh sin, ó tá an chlann rannpháirteach i bhfeoil agus i bhfuil, do ghlac sé féin, leis, páirt ionnta; chum go mbrisfeadh sé, de bhárr an bháis, chumhacht an té go raibh cumhacht an bháis aige, is é sin an diabhal;

15 agus chum go saorfadh sé na daoine uile do bhí fá chuing na daoirse ar feadh a saoghail tré eagla an bháis.

16 Óir go dearbhtha, ní chum na n‐aingeal thig sé le congnamh, acht chum sleachta Abrachaim.

17 Ar an adhbhar sin ba chóir go ndéanfaidhe é cosmhail ar gach slighe le n‐a bhráithribh, chum go mbéadh sé ’n‐a árd‐shagart trócaireach, ionnraic ins na neithibh bhaineas le Dia, chum cúiteamh do dhéanamh as peacaidhibh an phobail.

18 Óir do réir mar fhulaing sé féin cathuighthe, is eadh is fearr fhéadann sé fóirithin ar na daoinibh go gcurtar cathuighthe ortha.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí