acht adeirim‐se libh, gan cur i n‐aghaidh an uilc: acht cibé duine bhuailfeas thú ar an leacain deis, iompuigh chuige an leaca eile, leis.
Matha 26:52 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin adubhairt Íosa leis, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a ionad: óir gach duine ghlacas an claidheamh, is le claidheamh thuitfeas sé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ansin dúirt Íosa leis, “Cuir do chlaíomh san áit is dual dó; mar níl duine dá dtéann i muinín an chlaíomh nach dtabharfaidh an claíomh a bhás. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin deir Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar ais ina áit féin: óir gach aoinneach a ghlacfas an chlaidheamh, is leis an chlaidheamh a thuitfeas sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin a deir Iósa ris, Cuir do chloidheamh a rís an a ionad féin: oír gach uile dhuine ghlacus cloidheamh is le cloidheamh thuitfeas sé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar n-ais i n-a inead féin. Óir, gach duine a thógfaidh claidheamh, is le claidheamh a thuitfidh sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé. An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé. |
acht adeirim‐se libh, gan cur i n‐aghaidh an uilc: acht cibé duine bhuailfeas thú ar an leacain deis, iompuigh chuige an leaca eile, leis.
Ná h‐agraidh díoghaltas, a cháirde ionmhaine, acht leigidh d’fheirg Dé: óir, atá scríobhtha, Is liom‐sa an díoghaltas; is mise chúiteochas, adeir an Tighearna.
Féachaidh chuige nach dtiubhraidh aoinneach an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; acht leanaidh i gcómhnaidhe do’n mhaith eadraibh féin agus i dtaobh an uile dhuine.
gan olc do dhéanamh i n‐éiric an uile, ná athcháineadh do thabhairt i n‐aghaidh cáinte, acht ’n‐a ionad sin, beannacht; óir is chuige sin do glaodhadh sibh, go bhfaigheadh sibh beannacht mar oidhreacht.
Cibé duine threoruigheas chum daor‐bhroide, is chum daor‐bhroide rachas sé; cibé duine mharbhas le claidheamh, ní foláir a mharbhadh féin le claidheamh. Annso is eadh atá foighid agus creideamh na naomh.
óir do dhoirteadar‐san fuil na naomh agus na bhfáidh, agus thugais‐se fuil le n’ól dóibh, mar bhí sé tuillte aca.