Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:52 - An Bíobla Naofa 1981

52 Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

52 Ansin dúirt Íosa leis, “Cuir do chlaíomh san áit is dual dó; mar níl duine dá dtéann i muinín an chlaíomh nach dtabharfaidh an claíomh a bhás.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

52 Annsin deir Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar ais ina áit féin: óir gach aoinneach a ghlacfas an chlaidheamh, is leis an chlaidheamh a thuitfeas sé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

52 Annsin adubhairt Íosa leis, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a ionad: óir gach duine ghlacas an claidheamh, is le claidheamh thuitfeas sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

52 Ann sin a deir Iósa ris, Cuir do chloidheamh a rís an a ionad féin: oír gach uile dhuine ghlacus cloidheamh is le cloidheamh thuitfeas sé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

52 Ansan dubhairt Íosa leis: Cuir do chlaidheamh thar n-ais i n-a inead féin. Óir, gach duine a thógfaidh claidheamh, is le claidheamh a thuitfidh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

52 Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:52
13 Tagairtí Cros  

Cibé a dhoirtfidh fuil duine is le duine a dhoirtfear a fhuil, óir is ar dheilbh Dé a rinneadh an duine.


Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.


Cibé a bhuaileann duine agus go bhfaigheann sé bás, ní foláir é a chur chun báis.


Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;


Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”


Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t‑olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.


Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.


“Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”


Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí