Apacailipsis (Taispeántadh) 16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do chualas árd‐ghlór ó’n teampall, g‐á rádh leis na seacht n‐ainglibh, Imthighidh rómhaibh, agus doirtidh amach seacht soithighe dhíbheirge Dé ar an talamh. 2 Agus d’imthigh an chéad aingeal, agus do dhoirt sé a shoitheach amach ar an talamh; agus d’éirigh neascóid nimhneach, ghoimheach ar na daoinibh go raibh marc an ainmhidhe ortha, agus do rinne adhradh d’á íomháigh. 3 Agus do dhoirt an dara h‐aingeal a shoitheach isteach san bhfairrge; agus do rinne sé fuil mar fhuil duine mhairbh di; agus d’éag gach rud beo, gach a raibh san bhfairrge. 4 Agus do dhoirt an treas aingeal a shoitheach isteach ins na h‐aibhnibh agus ins na toibreachaibh uisce. 5 Agus do rinneadh fuil díobh. Agus do chualas aingeal na n‐uiscí g‐á rádh, Is tusa atá cóir, cothrom, tusa atá agus do bhí ann an tAon Naomhtha, de chionn an bhreitheamhnais atá déanta agat: 6 óir do dhoirteadar‐san fuil na naomh agus na bhfáidh, agus thugais‐se fuil le n’ól dóibh, mar bhí sé tuillte aca. 7 Agus do chualas glór ó’n altóir, g‐á rádh, Is eadh, a Thighearna, a Dhia Uile‐chumhachtaigh, is fírinneach cothrom iad do bhreitheamhantaisí. 8 Agus do dhoirt an ceathramha h‐aingeal a shoitheach amach ar an ngréin, agus tugadh de chumhacht di na daoine do loscadh le teinidh. 9 Agus do bhí na daoine d’á loscadh le dian‐teas mór, agus do mhasluigheadar ainm an Dé go raibh smacht ar na pláigheannaibh seo aige; agus ní dhearnadar aithrighe chum glóir do thabhairt dó. 10 Agus do dhoirt an cúigeadh h‐aingeal a shoitheach amach ar árd‐chathaoir an ainmhidhe; agus d’éirigh a ríoghacht dorcha; agus do bhí na daoine ag cogaint a dteangthacha le neart péine, 11 agus do mhasluigheadar Dia neimhe mar gheall ar a bpiantaibh agus ar a neascóidibh: agus ní dhearnadar aithrighe ’n‐a míghníomharthaibh. 12 Agus do dhoirt an séamhadh h‐aingeal a shoitheach amach ar an abhainn mhóir Eúfrátes; agus do thiormuigh a h‐uisce, chum bealach do réidhteach do na righthibh ó’n domhan thoir. 13 Agus do chonnacas trí spioraidí neamh‐ghlana do bhí cosmhail le luascánaibh, ag teacht amach as béal an dragúin, agus as béal an ainmhidhe, agus as béal an fháidh bhréige: 14 óir is spioraidí deamhan iad, ag oibriú míorbhailtí, théigheas amach chum righthe an domhain uile, chum iad do chruinniú le chéile fá chómhair cogaidh lae mhóir Dé Uile‐chumhachtaigh. 15 (Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire). 16 Agus do cruinnigheadh le chéile iad san áit ar a dtugtar i nEabhrais, Nar‐Magedón. 17 Agus do dhoirt an seachtmhadh h‐aingeal a shoitheach amach san aer; agus tháinig árd‐ghlór amach as an teampall, ó’n righ‐chathaoir, g‐á rádh, Atá sé déanta: 18 agus do bhí teinteacha, agus glórtha, agus tóirneacha ann; agus do bhí crioth mór talmhan ann, crioth talmhan nach raibh a leithéid ann ó bhí daoine ar domhan, a uamhnaighe do bhí sé. 19 Agus do briseadh an chathair mhór ’n‐a trí codachaibh, agus do thuit cathracha na gcinidheach ar lár: agus do chuimhnigh Dia ar an mBaibiolóin mhóir, chum cupán fíona a dhíbheirge móire do thabhairt le n’ól di. 20 Agus do theich gach uile oileán, agus ní raibh na sléibhte le fágháil. 21 Agus do thuit cloich‐shneachta mór, chómh trom le talainn, anuas ó’n spéir ar na daoinibh: agus do mhasluigh na daoine Dia mar gheall ar phláigh an chloich‐shneachta; óir do bhí an phláigh sin an‐mhór. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society