Matha 18:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ach muna n‐éistidh sé leat, beir leat duine nó beirt eile, ionnas go seasfaidh gach focal ar fhiadhnaise béil beirte nó trír. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach mura n‑éisteann sé leat, beir duine nó beirt eile maraon leat, ionas go ndaingnítear gach focal le fianaise beirte nó triúir. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht muna n-éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, ionnas go seasuighidh gach focal i mbéal bheirt nó thriúr fiadhnaiseach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus muna éisde sé riot, beir leachd fós duine no días eile, do chum go mbíodh gach éinní seasmhach a mbéul deisi no triur dfíadhnuisibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mura n-éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, i dtreó go seasóchaidh gach focal i mbéal beirte nó trír fínnithe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat; An Bíobla Naofa 1981 Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat; |
Is í seo an treas uair dom ag teacht chugaibh. Ar fhiadhnaise beirte nó triúir bunóchar gach focal.
An té do bhris dlighe Mhaoise, curtar chum báis é gan trócaire ar fhiadhnaise beirte nó trír;
Agus do‐bhéarfad de chead dom’ bheirt fhiadhnaidhe tarngaireacht do dhéanamh ar feadh míle, dhá chéad agus trí fichid lá, agus éadach róin mar chlúdach ortha.