Apacailipsis (Taispeántadh) 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus tugadh dhom giolcach do bhí cosmhail le slait: agus adubhradh liom, Éirigh, tómhais teampall Dé, agus an altóir, agus na daoine atá ag adhradh annsin. 2 Agus leig thart an chúirt atá taobh amuigh de’n teampall, agus ná tómhais í: óir atá sí tabhartha do na cinidheachaibh: agus gabhfaidh siad‐san de chosaibh ar an naomh‐chathair ar feadh dhá mhí agus dá‐fhichid. 3 Agus do‐bhéarfad de chead dom’ bheirt fhiadhnaidhe tarngaireacht do dhéanamh ar feadh míle, dhá chéad agus trí fichid lá, agus éadach róin mar chlúdach ortha. 4 Is iad seo an dá ola‐chrann agus an dá choinnleoir sheasuigheas os cómhair Tighearna an domhain. 5 Aoinneach gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, tagann teine amach as a mbéal, agus slugann sí a náimhde: agus duine ar bith gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, is ar an gcuma sin marbhóchar é. 6 Atá ar chumas dóibh an spéir do dhúnadh, chum nach dtuitfidh aon bháisteach ar feadh laethe a dtarngaireachta: agus atá ar chumas dóibh na h‐uiscí d’athrú ’n‐a bhfuil, agus an talamh do bhualadh le gach saghas pláighe, chómh minic agus is áil leo. 7 Agus nuair bhéas a bhfiadhnaise críochnuighthe aca, an t‐ainmhidhe thig as an duibheagán, déanfaidh sé cogadh leo, agus buaidhfidh sé ortha, agus marbhóchaidh sé iad. 8 Agus béidh a gcuirp sínte ’n‐a luighe i sráid na cathrach móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasadh a dTighearna, chómh maith. 9 Agus béidh daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach cineadh ag dearcadh ar a gcorpaibh ar feadh trí lá go leith, agus ní leigfidh siad d’á gcorpaibh bheith g‐á gcúr i dtuama. 10 Agus déanfaidh lucht áitreabha na talmhan gáirdeachas os a gcionn; agus cuirfidh siad tabhartaisí chum a chéile, de bhrigh gur chiapuigh an bheirt fháidh lucht áitreabha na talmhan. 11 Agus i gcionn trí lá go leith, do chuaidh spiorad na beathadh tháinig ó Dia ionnta, agus d’éirigheadar ar a gcosaibh; agus tháinig crioth‐eagla mhór ar na daoinibh do chonnaic iad. 12 Agus do chualadar glór mór ó neamh g‐á rádh leo, Gabhaidh aníos annso. Agus do chuadar suas ar neamh san néall; agus do chonnaic a náimhde iad. 13 Agus an uair chéadna sin do bhí crioth mór talmhan ann, agus do thuit an deicheamhadh cuid de’n chathair ar lár, agus do marbhadh seacht míle duine san gcrioth talmhan agus do scannruigh an chuid eile dhíobh, agus thugadar glóir do Dhia na bhflaitheas. 14 Atá deireadh leis an dara mairg: féach, atá an treas mairg ag teacht go luath. 15 Agus do shéid an seachtmhadh h‐aingeal; agus do bhí glórtha móra ar neamh, adubhairt, Is le n‐ár dTighearna, agus le n‐a Chríost ríoghacht an domhain: agus riaghlóchaidh sé go saoghal na saoghal. 16 Agus an ceathrar seanóir agus fiche atá ’n‐a suidhe ar a righ‐chathaoireachaibh os cómhair Dé, do thuiteadar ar a n‐aighthibh fútha, 17 agus d’adhradar Dia, g‐á rádh, Do‐bheirimíd a bhuidheachas leat, a Thighearna Dia Uile‐chumhachtaigh, atá ann, agus do bhí ann, agus bhéas ann; gur ghabhais chugat do chumhacht, agus gur ghlacais réimeas ríogh. 18 Agus d’éirigh na cinidheacha feargach, agus tháinig t’fhearg‐sa, agus tráth breitheamhnais na marbh, agus an tráth chum a luaigheacht do thabhairt dod’ sheirbhíseachaibh, na fáidhe, agus do na naomhaibh, agus do na daoinibh gur ab eagal leo t’ainm, idir bheag agus mhór; agus chum scriosadóirí na talmhan do scrios. 19 Agus do foscladh teampall Dé ar neamh; agus do nochtadh airc a chonnartha istigh ’n‐a theampall; agus do bhí teinnteacha, agus glórtha, agus tóirneacha, agus crioth talmhan, agus cloich‐shneachta mór ann. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society