Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Ach mura n‑éisteann sé leat, beir duine nó beirt eile maraon leat, ionas go ndaingnítear gach focal le fianaise beirte nó triúir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Acht muna n-éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, ionnas go seasuighidh gach focal i mbéal bheirt nó thriúr fiadhnaiseach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Ach muna n‐éistidh sé leat, beir leat duine nó beirt eile, ionnas go seasfaidh gach focal ar fhiadhnaise béil beirte nó trír.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus muna éisde sé riot, beir leachd fós duine no días eile, do chum go mbíodh gach éinní seasmhach a mbéul deisi no triur dfíadhnuisibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Mura n-éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, i dtreó go seasóchaidh gach focal i mbéal beirte nó trír fínnithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat;

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:16
10 Tagairtí Cros  

Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.


i gcás gach marú is ar fhianaise finnéithe nach foláir an marfóir a chur chun báis; ní chuirfear aon duine chun báis ar fhianaise duine aonair.


Agus tá sé scríofa in bhur ndlí go bhfuil fianaise beirte iontaofa.


Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. “Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí d'fhinnéithe.”


Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin.


“Ní leor aon fhinné amháin chun duine a dhaoradh i bpeaca nó i gcoir d'aon sórt a rinne sé; cibé coir a bhíonn i gceist is gá fianaise bheirt fhinné nó triúr chun aon chúis a dhearbhú.


Nuair a chuirtear coir i leith seanóra, ná géillse dó ach amháin ar fhocal a dó nó a thrí d'fhinnéithe.


Aon duine a bhriseann dlí Mhaois cuirtear chun báis é gan trócaire ar fhianaise beirte nó triúir.


Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí