Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus má dhiúltuigheann sé d’éisteacht leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má dhiúltuigheann sé d’éisteacht leis an eaglais, bíodh sé ’n‐a Phágánach agus ’n‐a phoibleacán agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Má dhiúltaíonn sé éisteacht leosan, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn sé éisteacht leis an eaglais féin, bíódh sé agat mar Ghintlí nó mar bhailitheoir cánacha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus muna n-éistidh sé leobhtha-san, innis do’n eaglais. Agus muna n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé mar an págánach agus an puibliocánach agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus ma dhíultann sé iádsan déisdeachd, innis do neagluis: agus ma dhíultann sé a neagluis déisdeachd, bíodh meas pagánuigh agus puibliocáin agad air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus mura n-éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n-a phágánach nó ’n-a phuibliocánach agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 ach mura n-éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí dʼfhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 ach mura n‑éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d'fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:17
27 Tagairtí Cros  

Pilib agus Parthalán; Tomás, agus Matha, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus;


Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus is é adeirid, Féach an duine craosach, agus póitire an fhíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacach! Acht cheana is le n‐a gníomharthaibh fíorthar an eagna.


Óir má thugann sibh grádh dhóibh‐sean amháin ag a bhfuil grádh dhaoibh‐se, créad atá tuillte agaibh dhá bhárr? Nach ndéanann na poibleacáin féin é sin?


Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh ag siollaireacht cainnte ar nós na bPágánach, gur dóigh leo go n‐éistfear leo as méid a mbíonn le rádh aca.


Agus do bhí na poibleacáin agus na peacaigh uile ag teacht chuige ag éisteacht leis.


Do sheas an Fairisíneach agus do‐rinne sé a ghuidhe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Dhia, do‐bheirim a bhuidheachas leat nach mar a chéile mise agus daoine eile, foghlaidhthe, agus lucht éagcóra, agus lucht adhaltrannais, ná fós duine de shaghas an phoibleacáin seo.


Do scríobhas chugaibh im’ litir gan baint bheith agaibh le lucht striapachais;


An lámhann aoinneach agaibh, go bhfuil cúis aige i n‐aghaidh duine eile, an chúis do phléidhe os cómhair luchta na h‐éagcóra, i n‐ionad an chúis do chur fá bhreith na naomh?


Órduighmíd daoibh anois, a bhráithre, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, druidim ó gach bráthair atá ag maireachtain go fallsa, agus nach do réir an teagaisc fuaradar uainne.


conspóidí daoine droch‐aigeantach atá dall ar an bhfírinne, mheasas gur adhbhar tairbhe an crábhadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí