Eabhraigh 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Óir an dlighe, ag a bhfuil scáil na n‐aoibhneas atá le teacht, ní h‐í íomháigh fhíor na neithe féin, ní fhéadann sé na daoine thig i bhfogas d’fhoirbhiú leis na h‐íodhbarthaibh ofráltar de ghnáth ó bhliadhain go bliadhain. 2 Óir, san gcás sin, nach gcuirfidhe deireadh choidhche le h‐ofráil na n‐íodhbairt úd, toisc, ar mbeith glanta, an t‐aon uair amháin, do’n lucht adhartha, nach mbéadh a bpeacaidhe ar a gcoinsias aca ní ba mhó? 3 Acht ins na h‐íodhbarthaibh úd déantar athchuimhneamh ar na peacaidhibh ó bhliadhain go bliadhain. 4 Óir ní féidir go nglanfadh fuil tarbh agus gabhar peacaidhe. 5 Uime sin, ag teacht isteach san tsaoghal dó, adeir sé, Íodhbairt agus ofráil níorbh áil liom, Acht d’ullmhuighis corp dom; 6 I n‐íodhbarthaibh loiscthe agus i n‐íodhbarthaibh ar son an pheacaidh ní raibh aon taithneamh agat: 7 Annsin adubhras‐sa, Féach, atáim‐se ag teacht (I rolla do leabhair atá scríobhtha im’ thaobh) Chum do thoil do dhéanamh, a Dhia. 8 Tar a éis dó a rádh de’n chéad uair, Níorbh áil liom íodhbartha agus ofrála, agus íodhbartha loiscthe, agus íodhbartha ar son peacaidh, agus ní raibh aon taithneamh agat ionnta (neithe íodhbartar do réir an dlighe), 9 adubhairt sé ’n‐a dhiaidh sin, Fhéach, atáim‐se ag teacht chum do thoil do dhéanamh. Is amhlaidh atá sé ag cur an chéad nidh ar ceal, chum an dara nidh do chur ar bun. 10 De bhárr na tola sin is eadh atáimíd‐ne d’ár naomhú tré íodhbairt chuirp Chríost an t‐aon uair go deo. 11 Agus a fhaid agus sheasuigheann gach sagart lá i ndiaidh lae ag friotháileamh, agus go minic ag ofráil na n‐íodhbairt céadna, 12 nach bhféadann peacaidhe do ghlanadh: acht an té seo, tar a éis dó aon íodhbairt amháin d’ofráil ar son na bpeacaidhe go deo, is amhlaidh do shuidh sé síos ar dheas‐láimh Dé; 13 ag feitheamh nó go ndéantar stól d’á náimhdibh fá n‐a chosaibh. 14 Óir de bhárr aon íodhbartha amháin d’fhoirbhigh sé go deo na daoine atá naomhuighthe. 15 Agus do‐bheir an Spiorad Naomh fiadhnaise dhúinn, leis: óir tar a éis dó a rádh, 16 Is é seo an connradh dhéanfad leo Tar éis na laethe úd, adeir an Tighearna; Cuirfead mo dhlighthe ’n‐a gcroidheachaibh, Agus scríobhfad ar a n‐aigeantaibh iad: 17 Agus ní chuimhneochad go deo ar a bpeacaidhibh agus ar a gcionntaibh. 18 Agus san áit ’n‐a maithtear iad so, ní fhuil gábhadh le h‐aon íodhbairt eile ar son na bpeacaidhe. 19 D’á bhrigh sin, a bhráithre, ó tá sé de dhánacht againn dul isteach san áit naomhtha tré fhuil Íosa, 20 san tslighe do choisreac sé dhúinn, slighe úr‐nua, bheo, tríd an mbrat, 21 is é sin a fheoil féin; agus de bhrigh go bhfuil árd‐shagart againn os cionn tighe Dé; 22 druidimís i bhfoigseacht dó, le fírinne croidhe, agus an creideamh daingnighthe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroidheacha glanta ó dhroch‐choinsias, agus ár gcorp nighte le fíor‐uisce: 23 coimheádaimís go daingean an dóchas admhuighmíd chum nach lagaidh sé; óir is dílis an té thug an gheallamhain: 24 agus tabhraimís aire d’á chéile, ag spreagadh a chéile chum grádha agus chum deagh‐ghníomhartha; 25 gan cómhchruinniú: gceann a chéile do thréigean, ar nós daoine áirithe, acht bheith ag gríosadh a chéile; go mórmhór de bhrigh go bhfeiceann sibh an lá ag druidim linn. 26 Óir má ghnímíd peacadh d’ár ndeoin féin tar a éis dúinn eolas na fírinne d’fhágháil, ní fágthar aon íodhbairt eile ar son na bpeacaidhe, 27 acht ag feitheamh fá chrith‐eagla leis an mbreitheamhnas, agus le teinidh fhíochmhair shloigfeas náimhde Dé. 28 An té do bhris dlighe Mhaoise, curtar chum báis é gan trócaire ar fhiadhnaise beirte nó trír; 29 nach móide go mór, an measann sibh, an pionós bhéas tuilte ag an té do shatail fá chois Mac Dé, agus thug tarcuisne d’fhuil an chonnartha le n‐ar naomhuigheadh é, agus thug masla do Spiorad an ghrása? 30 Óir atá a fhios againn cia h‐é adubhairt, Is liom‐sa an díoghaltas, is mise chúiteochas; 31 agus arís, Bhéarfaidh an Tighearna breith ar a phobal. Is mór is cúis eagla tuitim idir lámhaibh an Dé bheo. 32 Acht bidhidh ag cuimhneamh ar na sean‐laethibh ’n‐ar sheasuigh sibh spairn phianamhail, tar a éis daoibh solas d’fhágháil; 33 ní h‐é amháin go ndearnadh ceap magaidh dhíbh le acmhúsán agus le cathuighthibh; agus thairis sin, go ndearnadh rannpháirtidhthe dhíbh leis na daoinibh do bhí san riocht céadna libh. 34 Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan. 35 D’á bhrigh sin ná leigidh uaibh bhur muinighin, go bhfuil luach saothair mór ag baint léi. 36 Óir atá gábhadh le foidhne agaibh, ar mhodh, thar a éis daoibh toil Dé do dhéanamh, go bhfaighidh sibh a bhfuil geallta dhaoibh. 37 Óir tar éis tamaill bhig, Tiocfaidh an té atá le teacht, agus ní dhéanfaidh sé moill. 38 Acht mairfidh m’fhíréan tré chreideamh; Agus má chasann sé siar, ní fhuil taithneamh a thuilleadh ag m’anam ann. 39 Acht ní daoine de’n dream chasas siar agus cailltear sinne, acht daoine de’n dream chreideas chum a n‐anam do shlánú. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society