Tabhraidh aire gan dímheas do chaitheamh ar aoinneach de’n mhuinntir bhig seo; óir adeirim libh, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neamh, ag sír‐fhéachaint ar ghnúis m’Athar atá ar neamh.
Matha 10:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht téighidh fá dhéin na gcaorach fáin de theaghlach Israel thar chách. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach tugaigí tús áite do na caoirigh sheachráin is le teaghlach Iosrael. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht ina ionad sin téighigidh chuig na caoirigh seachráin as tigh Israéil. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd go madh táosga rachtháoi chum cáorach thighe Israel atá ar ndul a múgha. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ac téighidh fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe amú’. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael. An Bíobla Naofa 1981 ní hea, ach téigí faoi dhéin chaoirigh caillte theaghlach Iosrael. |
Tabhraidh aire gan dímheas do chaitheamh ar aoinneach de’n mhuinntir bhig seo; óir adeirim libh, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neamh, ag sír‐fhéachaint ar ghnúis m’Athar atá ar neamh.
agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem.
Agus do labhair Pól agus Barnabas go dána, agus adubhradar, Is libh‐se ba dhual dhúinn briathar Dé do labhairt ar dtús. Acht ó’s ag diúltadh dhó atá sibh, agus nach fiú libh, de réir bhúr mbreithe féin, an bheatha shíorraidhe d’fhágháil, féach, atáimíd ag iompodh chum na nGeinte.
Agus nuair do chuireadar ’n‐a choinnibh, ag cainnt go masluightheach, do chroth sé a chuid éadaigh, agus adubhairt sé leo, Ar bhúr gceann féin go raibh bhúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amach rachfad chum na gCineadhach.
acht do chraobhscaoileas do mhuinntir Dhamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúithche Iúdaea, agus do na Cineadhachaibh, go ndéanfaidís aithrighe agus go n‐iompóchaidís chum Dé, ag déanamh gníomhartha de réir na h‐aithrighe.
Chugaibh‐se ar dtús do chuir Dia a Sheirbhíseach, nuair thóg sé suas é, chum sibh do bheannú, ag iompodh gach duine agaibh ó n‐bhúr gcuirptheacht.
Óir do bhí sibh mar chaoirigh ag dul ar fán; acht anois atá sibh fillte chum Aodhaire agus chum Easpuig bhur n‐anmann.