Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 9:54 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair chonnaic Séamas agus Eoin, a dheisceabail, sin, adubhradar, A Thighearna, an toil leat go nglaodhfaimís teine do theacht anuas ó neamh, agus iad súd do loscadh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus nuair a chonaic a dheisceabail, Séamas agus Eoin, é, dúirt siad, “A Thiarna, an toil leat sinne a ordú don tine teacht anuas ó neamh agus a slogadh?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus nuair a chonnaic a dheisciobail, Séamus agus Eoin, sin, dubhairt siad: A Thighearna, an áil leat go n-abramaois teine a theacht ó neamh chun iad sin a loscadh?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tráth do chuncadar a dheisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a dubhradar, A Thighearna, a naill leachd go nabramáois teine do theachd a núas ó neamh, dá losadh síad, mar do rinne Elías leis?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus nuair a chonaic a dheisgiobuil, Séamus agus Eóin, an nídh sin dubhradar: A Thighearna, an toil leat go ndéarfaimís teine theacht ó neamh chun iad do losgadh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n-ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n‑ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?”

Féach an chaibidil



Lúcás 9:54
14 Tagairtí Cros  

agus Séamas mac Shebedé, agus Eoin dearbhráthair Shéamais, ortha‐san thug sé Bóanérges, is é sin, Mic tóirnighe:


Acht d’iompuigh seisean, agus do cheartuigh sé iad.


Agus ghníonn sé míorbhailtí móra, chum teine féin do tharraing anuas ó neamh ar an talamh i bhfiadhnaise na ndaoine.


Agus do chonnacas ceann d’á cheannaibh mar bhéadh goin bháis air; agus do bhí an bhás‐ghoin leigheasta. Agus do bhí árd‐iongnadh ar an saoghal uile ag dul i ndiaidh an ainmhidhe;