Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 9:54 - An Bíobla Naofa 1981

54 Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n‑ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

54 Agus nuair a chonaic a dheisceabail, Séamas agus Eoin, é, dúirt siad, “A Thiarna, an toil leat sinne a ordú don tine teacht anuas ó neamh agus a slogadh?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

54 Agus nuair a chonnaic a dheisciobail, Séamus agus Eoin, sin, dubhairt siad: A Thighearna, an áil leat go n-abramaois teine a theacht ó neamh chun iad sin a loscadh?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

54 Agus nuair chonnaic Séamas agus Eoin, a dheisceabail, sin, adubhradar, A Thighearna, an toil leat go nglaodhfaimís teine do theacht anuas ó neamh, agus iad súd do loscadh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

54 Agus an tráth do chuncadar a dheisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a dubhradar, A Thighearna, a naill leachd go nabramáois teine do theachd a núas ó neamh, dá losadh síad, mar do rinne Elías leis?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

54 Agus nuair a chonaic a dheisgiobuil, Séamus agus Eóin, an nídh sin dubhradar: A Thighearna, an toil leat go ndéarfaimís teine theacht ó neamh chun iad do losgadh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

54 Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n-ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 9:54
14 Tagairtí Cros  

Dúirt Aibísí mac Zarúá leis an rí: “An bhfuilimid chun ligean don mhadra marbh seo bheith ag mallachtaigh ar mo thiarna, an rí? Lig dom dul anonn agus an ceann a bhaint de.”


Ghlaoigh an rí dá bhrí sin ar na Gibeónaigh. Níorbh de chlann Iosrael iad na Gibeonaigh ach iarmhar de na hAmóraigh; mhionnaigh clann Iosrael go ndéanfaidís anacal orthu, ach le barr díograise ar son chlann Iosrael agus Iúdá rinne Sól iarracht ar iad a scrios.


Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: “A ghiolla Dé, deir an rí ‘Tar anuas.’ ”


“Tar liom,” ar sé, “agus feic mo dhúthracht ar son an Tiarna,” agus thiomáin sé leis ina charbad é.


Ach níor lean Iéahú dlí an Tiarna, Dia Iosrael, go dílis ná óna chroí go hiomlán; níor thug sé cul leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael.


tráth maraithe, tráth leighis, tráth leagtha, tráth tógála,


Séamas mac Zeibidé agus Eoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóanaeirgis mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní,


Ach d'iompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh.


Agus déanann sé comharthaí móra, á chur faoi deara fiú amháin do thine tuirlingt ar talamh ó neamh os comhair daoine.


Bhí, de réir dealraimh, goin bháis ar cheann leis ach cneasaíodh an ghoin bháis. Agus ghabh ionadh an saol mór ar fad agus lean an beithíoch.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí