Ní bhrisfidh sé an ghiolcach bhrúighte, Agus ní mhúchfaidh sé an líon atá ag cur deataigh. Nó go dtugaidh sé breitheamhnas chum buadha.
Lúcás 8:48 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh i síothcháin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé léi, “A iníon liom, leigheas do chreideamh thú; imigh leat faoi shíocháin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean: A inghean, rinne do chreideamh slán thú; imthigh fá shíothcháin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seisean ría, Bíodh mainighin mhaith agad, a inghean: do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh romhad a sióthcháin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a ’nghean ó; imthigh leat i síothcháin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé léi: “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé léi: “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.” |
Ní bhrisfidh sé an ghiolcach bhrúighte, Agus ní mhúchfaidh sé an líon atá ag cur deataigh. Nó go dtugaidh sé breitheamhnas chum buadha.
Agus adubhairt Íosa leis an gceanntúir, Imthigh ort; de réir mar do chreidis go ndéantar duit. Agus do leigheasadh an giolla an uair chéadna sin.
Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.
Acht do chas Íosa, agus nuair do chonnaic sé í, adubhairt sé, Bíodh meisneach agat, a inghean; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach.
Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin, agus bí slán ód’ ghalar.
Agus adubhairt sé leis, Éirigh agus imthigh leat: do shlánuigh do chreideamh thú.
Agus adubhairt sé leis an mnaoi, Do shlánuigh do chreideamh thú: imthigh i síothcháin.
Agus nuair thug an bhean fá deara nár ceileadh í, tháinig sí ar crith, agus d’á caitheamh síos ag a chosaibh dhí, d’innis sí i bhfiadhnaise na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus cionnas mar do leigheasadh í ar an mball.
Do bhí an duine seo ag éisteacht le Pól ag cainnt: agus nuair do dhearc seisean go grinn air, agus thug sé fá deara go raibh creideamh chum a shlánuighthe aige,
Agus béidhead mar Athair agaibh, Agus béidh sibh‐se mar chlann‐mhac agus mar chlann‐inghean agam, adeir an Tighearna Uile‐chumhachtach.
Óir do craobhscaoileadh an soiscéal dúinne, mar craobhscaoileadh é dhóibh‐sean: acht níorbh aon tairbhe dhóibh an briathar do chualadar, toisc nach raibh creideamh ’n‐a bhun ag na daoinibh do chuala é.