Agus d’imthigheadar‐san go luath ó’n tuama agus eagla agus an‐áthas ortha, agus do ritheadar chum an scéal d’innsin d’á dheisceablaibh.
Lúcás 8:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair thug an bhean fá deara nár ceileadh í, tháinig sí ar crith, agus d’á caitheamh síos ag a chosaibh dhí, d’innis sí i bhfiadhnaise na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus cionnas mar do leigheasadh í ar an mball. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a chonaic an bhean nárbh fhéidir a ceilt níos faide, tháinig sí agus í ar aon bhall creatha, agus thit síos roimhe gur fhoilsigh i láthair an tslua cad chuige ar leag sí a lámh air, agus cad é mar a leigheasadh í ar an toirt. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chonnaic an bhean nach raibh folach aice, tháinic sí agus í ar crith, agus chaith sí í féin ag a chosa, agus d’innis sí ós cómhair na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus mar a leigheasadh í ar an bhomaite. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tráth do chonnairc an bhean gur hairigheadh í, táinic si ar crith, agus ag sléuchdain dósan, dfoillsigh sí dhó a bhriadhnaisi an phobuil uíle créd é an tádhbhar far chumail sí ris, agus cionnus do leigheasadh í ar an mball. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a thuig an bhean nár chuaidh sí gan aithint, tháinig sí agus chaith sí í féin agá chosaibh agus í ag crith, agus d’innis sí os cómhair na ndaoine go léir cad é an chúis n-ar theangbhaidh sí leis, agus conus mar a leighiseadh í láithreach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus dʼinis i láthair cách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus d'inis i láthair chách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach. |
Agus d’imthigheadar‐san go luath ó’n tuama agus eagla agus an‐áthas ortha, agus do ritheadar chum an scéal d’innsin d’á dheisceablaibh.
Acht tháinig crith‐eagla ar an mnaoi, óir do bhí a fhios aici créad tarla dhí, agus tháinig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí an fhírinne iomlán dó.
Acht adubhairt Íosa, Do bhain duine éigin liom: óir do mhothuigheas buaidh ag dul amach asam.
Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh i síothcháin.
Agus do ghlaodh sé ar shoillsibh, agus do léim sé isteach, agus do thuit sé síos i bhfiadhnaise Phóil agus Shílais,
Agus is mó ’ná sin toil a chroidhe‐sean daoibh‐se, ag cuimhneamh dhó ar umhlaidheacht gach duine agaibh, mar d’fháiltigh sibh roimhe le h‐eagla agus le criothnú.
D’á bhrigh sin, a bhráithre ionmhaine, mar bhí sibh umhal i gcómhnaidhe, ní h‐é amháin im’ láthair‐se, acht go mórmhór ar mbeith as láthair dom, saothruighidh amach bhur slánughadh féin le h‐eagla agus le criothnú;
Uime sin, ag fágháil ríoghachta do‐chorruighthe dhúinn, taisbeánaimís ár mbuidheachas, chum go ndéanfaimíd seirbhís taithneamhach do Dhia, le h‐urraim dhiadha agus le h‐eagla,