2 Corantaigh 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Ó thárla na geallamhnacha sin bheith againn, a cháirde ionmhaine, glanaimís dínn féin gach smál colna agus spioraid, ag cur naomhachta i gcrích i n‐eagla Dé. 2 Déanaidh slighe ’n‐bhur gcroidheachaibh dúinn: ní dhearnamar éagcóir ar aon duine, níor scriosamar aon duine, níor mheallamar aon duine. 3 Ní chum locht do chur ’n‐bhur leith adeirim é seo, óir adubhras cheana go bhfuil sibh ’n‐ár gcroidheachaibh chum bás agus beatha d’fhágháil i n‐éinfheacht libh. 4 Is mór an mhuinighin atá agam asaibh, is mór an t‐adhbhar maoidhmheachais atá agam ’n‐bhur dtaobh: atáim thar a bheith lán d’áthas i lár ár n‐amhgair. 5 Óir, ar dteacht san Maiceadóin dúinn, ní raibh suaimhneas colna againn, acht do bhíomar go buaidheartha ar gach leith; bruigheanta ar an taobh amuigh, eagla ar an taobh istigh. 6 Acht Dia, do‐bheir sólás do na daoinibh atá i n‐ísle bhrighe, thug sé sólás dúinn le teacht Títuis; 7 agus ní h‐é amháin de bhárr a theachta‐san, acht de bhárr an tsóláis fuair sé uaibh‐se, leis, agus é ag innsin dúinn i dtaobh bhur dtnúith mhóir, i dtaobh bhur n‐éagcaoine, i dtaobh bhur dteas‐ghrádha dhamh‐sa; ar mhodh gur mhóide go mór mo gháirdeachas d’á bhárr. 8 Óir bíodh gur chuireas doilgheas oraibh lem’ litir, ní truagh liom é, gidh go raibh truagh orm; mar is léir dom gur chuir an litir sin cumha oraibh, gidh nár chuir acht ar feadh tamaill. 9 Anois atá áthas orm, ní h‐é i dtaobh doilgheas do chur oraibh, acht de chionn gur cuireadh doilgheas chum aithrighe oraibh: óir is doilgheas diadha do cuireadh oraibh, chum nach ndéanfaidhe aon dochar daoibh d’ár gcionn. 10 Óir do‐bheir an doilgheas diadha aithrighe chum slánuighthe nach dtugann aithmhéala: acht do‐bheir doilgheas an tsaoghail an bás. 11 Mar féach, an nidh céadna so, gur cuireadh doilgheas diadha oraibh‐se an dúthracht d’oibrigh sé ionnaibh, agus an leithscéaladh, agus an díombuaidh, agus an eagla, agus an tnúthán, agus an díoghrais, agus an díolaidheacht! Do chruthuigh sibh bheith glan ar fad san gcás so. 12 D’á bhíthin sin, má scríobhas féin chugaibh, ní ar son an té do‐rinne an éagcóir é, ná ar son an té d’fhulaing í, acht chum go mbéadh bhur ndíoghrais ’n‐ár dtaobh‐na soiléir i bhfiadhnaise Dé. 13 Ar an adhbhar sin fuaramar sólás, acht ba mhóide ár sólás áthas Thítuis, toisc go bhfuair a spiorad breis meanma uaibh go léir. 14 Óir má rinneas maoidhmheachas ar bith ’n‐bhur dtaobh‐sa leis, níor náirigheadh mé; acht fá mar labhramar i gcómhnaidhe libh do réir na fírinne, an maoidhmheachas do‐rinneamar ós cómhair Thítuis, fríth é bheith fírinneach. 15 Agus is mó ’ná sin toil a chroidhe‐sean daoibh‐se, ag cuimhneamh dhó ar umhlaidheacht gach duine agaibh, mar d’fháiltigh sibh roimhe le h‐eagla agus le criothnú. 16 Atá áthas orm gur féidir liom muinighin bheith agam asaibh ar gach slighe. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society