Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:47 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus nuair a thuig an bhean nár chuaidh sí gan aithint, tháinig sí agus chaith sí í féin agá chosaibh agus í ag crith, agus d’innis sí os cómhair na ndaoine go léir cad é an chúis n-ar theangbhaidh sí leis, agus conus mar a leighiseadh í láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 Agus nuair a chonaic an bhean nárbh fhéidir a ceilt níos faide, tháinig sí agus í ar aon bhall creatha, agus thit síos roimhe gur fhoilsigh i láthair an tslua cad chuige ar leag sí a lámh air, agus cad é mar a leigheasadh í ar an toirt.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 Agus nuair a chonnaic an bhean nach raibh folach aice, tháinic sí agus í ar crith, agus chaith sí í féin ag a chosa, agus d’innis sí ós cómhair na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus mar a leigheasadh í ar an bhomaite.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus nuair thug an bhean fá deara nár ceileadh í, tháinig sí ar crith, agus d’á caitheamh síos ag a chosaibh dhí, d’innis sí i bhfiadhnaise na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus cionnas mar do leigheasadh í ar an mball.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 Agus an tráth do chonnairc an bhean gur hairigheadh í, táinic si ar crith, agus ag sléuchdain dósan, dfoillsigh sí dhó a bhriadhnaisi an phobuil uíle créd é an tádhbhar far chumail sí ris, agus cionnus do leigheasadh í ar an mball.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus dʼinis i láthair cách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

47 Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus d'inis i láthair chách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:47
18 Tagairtí Cros  

Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhi eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’innsint dos na deisgiobuil.


Agus tháinig crith-eagla ar an mnaoi, mar bhí ’fhios aici cad a thárla, agus tháinig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí dhó iomláine na fírinne.


Agus dubhairt Íosa: Do theangbhaidh duine éigin liom; óir is eól dómh-sa go ndeaghaidh cómhacht amach uaim.


Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a ’nghean ó; imthigh leat i síothcháin.


D’iarr sé solus agus chuaidh sé isteach agus chaith sé é féin ag cosaibh Phóil agus Shílais,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí