Ná bíodh eagla oraibh rómpa, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil aon nidh fá chlúid nach nochtfar; agus ni fhuil aon nidh fá cheilt nach n‐aithneochar.
Lúcás 8:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir ní curtar aon nidh i bhfolach nach nochtfar; ná nidh fá cheilt, nach n‐aithneochar agus nach dtiocfaidh chum solais. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar ní chuirtear ní i bhfolach nach nochtfar, mar níl rún ann nach mbeidh ar eolas agus nach bhfionnfar. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir ní fhuil dadamh foluighthe nach bhfoillseochar, ná ceilte, nach bhfuighthear a fhios agus nach dtiocfaidh chun soluis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ní bhfuil éin ní foluightheach, nach déuntar follas; na secréideach, nach bhfuighthear a fhios agus nach dtiocfaidh chum soillsi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir ní’l rud i bhfolach ná nochtfar, ná rud fé cheilt ná h-aithneófar agus ná tiocfaidh amach go h-osgailte. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais. An Bíobla Naofa 1981 Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais. |
Ná bíodh eagla oraibh rómpa, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil aon nidh fá chlúid nach nochtfar; agus ni fhuil aon nidh fá cheilt nach n‐aithneochar.
Óir ní curtar aon nidh i bhfolach, acht chum go nochtfar é; ná ní dearnadh aon nidh fá rún, acht chum go dtiocfaidh sé chum solais.
D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.