Agus fuaradar scannal ann. Acht adubhairt Íosa leo, Ní bhíonn fáidh gan onóir, acht ’n‐a dhúthaigh féin, agus ’n‐a theaghlach féin.
Lúcás 4:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé, Ní glactar le fáidh ar bith ’n‐a dhúthaigh féin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé leo, “Is fíor an ní é a deirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina thír dhúchais féin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé: Amén adeirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina dhúthaigh féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision, A deirim ribh go deimhin, Nách bhfuil cion ar fháidh ann a thír féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, ní glactar aoinne i n’fháidh ’n-a dhúthaigh féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. |
Agus fuaradar scannal ann. Acht adubhairt Íosa leo, Ní bhíonn fáidh gan onóir, acht ’n‐a dhúthaigh féin, agus ’n‐a theaghlach féin.
Is Iúdach mé, rugadh i dTarsus Chilicia, acht tógadh mé san gcathair seo, ag cosaibh Ghamaliél, do múineadh mé go beacht de réir dlighe ár n‐aithreach, agus do bhíos lán de dhíoghrais ar son Dé, fá mar atá sibh‐se indiu: