Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Acht adeirim libh le fírinne, gurbh iomdha baintreabhach do bhí i nIsrael i laethibh Éliais, an tráth ’n‐a raibh an spéir dúnta ar feadh trí bliadhan agus sé mí, an tráth ’n‐a raibh gorta mhór sa tír ar fad;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Ach i bhfírinne deirim libh, gurbh iomaí sin baintreach a bhí in Iosrael i laethanta Elía, nuair a bhí na neamha dúnta i rith trí bliana agus sé mhí, agus a tháinig gorta mór ar fud na tíre;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Deirim libh go fírinneach go raibh mórán baintreabhach i n-Israél le linn Elíais, nuair a bhí an spéar druidthe trí bliadhna agus sé mhí, agus gorta mhór ar fud na tíre go léir:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Achd go fírinneach deirimsi ribh, Go rabhadar morán baintreachach a láethibh Elias a Nísraél, an tráth do bhí an fhiormámeint druite trí blíadhna agus sé mhí, ionnas go raibh gorta mhór ar feadh na talmhan uile;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Deirim libh le fírinne go raibh mórán baintreach i n-Israél i laethibh Elias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, agus an gorta mór sa tír go léir:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:25
12 Tagairtí Cros  

Nach dleaghthach dom an nidh is toil liom do dhéanamh lem’ chuid féin? Nó an bhfuil droch‐shúil agat, toisc go bhfuilim‐se fial?


Le linn na h‐uaire céadna sin do líonadh é de gháirdeachas mór tríd an Spiorad Naomh, agus adubhairt sé, Do‐bheirim a bhuidheachas leat, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe sin ar Lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do leanbhaibh iad: do‐rinnis é, a Athair; óir ba é do thoil féin é.


Nár leigidh Dia é. Óir is é adubhairt sé le Maois, Cibé duine ar a ndéanfad trócaire, déanfad trócaire air, agus cibé duine d’á ndéanfad truagh, déanfad truagh dhó.


Ar an taobh eile dhe, cia thusa, a dhuine, atá ag bréagnú Dé? An nidh atá cumtha, an n‐abróchaidh sé leis an té do chum é, Cad chuige a ndearnais san tslighe seo mé?


Do rinneadh oidhrí dhínne ann, ar mbeith dhúinn réamhórduighthe do réir rúin an té do‐ghní gach nidh do réir cómhairle a thola féin:


tar a éis dó rúindiamhair a thola do nochtadh dhúinn, fá mar bhí ceaptha ann féin aige, do réir a dhéighmhéine féin,


Fear do bhí ar aon nádúir linne ab eadh Élias, agus do ghuidh sé go dúthrachtach nach gcuirfeadh sé báisteach: agus níor thuit braon báistighe ar an talamh ar feadh trí mbliadhan agus sé mí.


Atá ar chumas dóibh an spéir do dhúnadh, chum nach dtuitfidh aon bháisteach ar feadh laethe a dtarngaireachta: agus atá ar chumas dóibh na h‐uiscí d’athrú ’n‐a bhfuil, agus an talamh do bhualadh le gach saghas pláighe, chómh minic agus is áil leo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí