Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé le n‐a athair, Féach, atáim‐se ag obair dhuit na bliadhanta fada so, agus níor sháruigheas t’órdú riamh: agus ’n‐a dhiaidh sin ní thugais oiread agus meannán dom chum go ndéanfainn súbhachas lem’ cháirdibh:
Lúcás 18:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean, Do chóimhlíonas na neithe sin uile óm’ óige. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhreagair sé, “Tá siad seo uile á gcoimeád agam anuas ó mʼóige.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean: Choimhéad mé iad sin uilig ó m’óige. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision, Do choimhéid mé na neithesi uile óm óige. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean: Táid siad san go léir coimeádta agam ó m’ óige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt seisean: “Choimeád mé iad sin uile ó mʼóige.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt seisean: “Choimeád mé iad sin uile ó m'óige.” |
Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé le n‐a athair, Féach, atáim‐se ag obair dhuit na bliadhanta fada so, agus níor sháruigheas t’órdú riamh: agus ’n‐a dhiaidh sin ní thugais oiread agus meannán dom chum go ndéanfainn súbhachas lem’ cháirdibh:
Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca.
Is eol duit na h‐aitheanta, Ná déan adhaltrannas, Ná déan dún‐mharbhadh, Ná déan goid, Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair.
Agus nuair do‐chuala Íosa é sin, adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort fós: díol a bhfuil agat, agus tabhair do na bochtaibh é, agus béidh ionnmhas ar neamh agat: agus tar, lean mise.
i dtaobh díoghraise, inghreimtheach na h‐eaglaise; i dtaobh na fíréantachta atá san dlighe, fríth mé bheith gan locht.