Acht adubhairt sise, Is fíor sin, a Thighearna, acht itheann na coileáin féin na sprúilleoga thuiteas ó bhórd a máighistir.
Lúcás 16:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus é ag tnúth le ’n‐a sháith d’fhágháil de’n bhroscar do thuiteadh ó bhórd an duine shaidhbhir; agus do bhíodh na madraí féin ag teacht agus ag ligheadh a chneadh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus é ag iarraidh a bheatha a dhéanamh de na grabhróga a thiteadh ó bhord an duine shaibhir; agus thairis sin thagadh na madraí a lí a chneácha. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus fonn air a sháith d’ithe de na grabhrógaí a thuiteadh de thábla an fhir shaidhbhir, agus ní thabharadh aoinneach dó; acht thigeadh na madaidh agus ligheadh siad a othraisí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ler mhían é féin do shásadh leis an sbruileach do thuiteadh do bhórd an duine saidbhir: agus do thigdís na madruidhe, agus do ligheas chréachda. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus ba mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrúscar bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do lighdís a chréachta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n-othras aige. An Bíobla Naofa 1981 agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n‑othras aige. |
Acht adubhairt sise, Is fíor sin, a Thighearna, acht itheann na coileáin féin na sprúilleoga thuiteas ó bhórd a máighistir.
Acht d’fhreagair sise agus adubhairt sí leis, Is fíor sin, a Thighearna, acht cheana, na coileáin féin bhíos fá’n mbórd, itid‐sean sprúilleach na leanbh.
agus do bhí bochtán darbh ainm Lasár sínte ’n‐a luighe le h‐ais a dhorais, é lán de chneadhachaibh,
Agus tharla go bhfuair an bochtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐ucht Abrachaim: agus fuair an duine saidhbhir bás, leis, agus do h‐adhlacadh é.
Agus nuair fuaradar a sáith, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Bailighidh an sprúilleach atá fágtha, chum nach rachaidh éinnidh amugha.
Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnocht, agus tugtar droch‐íde orainn, agus ní fhuil aon chómhnaidhe bhuan againn;
i saothar agus i gcruadhtan, i bhfaireachán go minic, i dtroscadh go minic, fá ocras agus fá lomnochtaighe.