Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 15:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Acht adubhairt sise, Is fíor sin, a Thighearna, acht itheann na coileáin féin na sprúilleoga thuiteas ó bhórd a máighistir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Agus ar sise, “Is fíor sin duit, a Thiarna, ach bíonn cead ag na coileáin bheith ag ithe a dtiteann de ghrabhróga ó bhord a máistir.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus dubhairt sise: Is fíor duit, a Thighearna; óir itheann fiú na coileáin na grabhrógaí a thuiteas ó thábla a gcuid máighistrí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Achd a dubhairt sisi, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh fós ithid no coilén cuid don shrúighleach thuiteas ó bhórd a dtíghearnadh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Ach, a Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin an brúscar a thuiteann ó bhórd a dtighearnaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Dúirt sise: “Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Dúirt sise: “Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 15:27
24 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Ní cuibhe arán na clainne do ghlacadh, agus a chaitheamh chum na ngadhar.


Annsin d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé léi, A bhean, is mór é do chreideamh: go ndéantar duit mar is mian leat. Agus do bhí a h‐inghean leigheasta ó’n uair sin.


ionnas go mbéidh sibh i n‐bhúr gclainn ag bhúr nAthair atá ar neamh: óir cuireann sé a ghrian ag éirghe ar na daoinibh, idir olc agus maith, agus cuireann sé an fhearthainn ag tuitim ar na daoinibh do‐ghní an chóir agus ortha‐san do‐ghní an éagcóir.


Agus d’fhreagair an ceanntúir, agus adubhairt, A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fám’ dhíon: acht abair an focal amháin, agus béidh mo ghiolla slán.


Acht d’fhreagair sise agus adubhairt sí leis, Is fíor sin, a Thighearna, acht cheana, na coileáin féin bhíos fá’n mbórd, itid‐sean sprúilleach na leanbh.


agus é ag tnúth le ’n‐a sháith d’fhágháil de’n bhroscar do thuiteadh ó bhórd an duine shaidhbhir; agus do bhíodh na madraí féin ag teacht agus ag ligheadh a chneadh.


Acht d’fhan an poibleacán ’n‐a sheasamh i bhfad siar, agus ní dhéanfadh sé fiú amháin a shúile d’árdú chum neimhe, acht do bhí sé ag bualadh a uchta, agus g‐á rádh, A Dhia, déan trócaire orm‐sa, peacach.


Óir ní fhuil deifir ar bith idir an Iúdach agus an Gréagach: mar is ionann Tighearna do’n uile dhuine, agus atá saidhbhreas aige do gach duine ghlaodhas air:


Anois, atá a fhios againn, cibé nidh adeir an dlighe, gur leis an dream atá fá’n dlighe adeir sí é; chum go ndúntar gach béal agus go dtugtar an domhan uile fá bhreitheamhnas Dé:


An é Dia Dia na n‐Iúdach amháin?


Nár leigidh Dia sin: go n‐aithnightear Dia bheith fírinneach, acht an uile dhuine bheith bréagach; mar atá scríobhtha, Chum go bhfoillseochaidhe thú bheith ionnraic id’ bhriathraibh, Agus go mbuadhfá nuair béarfar breith ort.


agus a fhaide, agus a dhoimhneacht, agus grádh Chríost, sháruigheas gach eolas, d’aithint, chum go líonfar le lán‐líonmhaireacht Dé sibh.


Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí