Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth?
Lúcás 16:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) An té bhíos dílis san rud beag, bíonn sé dílis i rud mór: agus an té bhíos mí‐dhílis sa rud beag, bíonn sé mí‐dhílis i mórán, chómh maith. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “An té a bhíos iontaofa faoi bheagán, bíonn sé iontaofa freisin faoi mhórán; agus an té a bhíos mí-ionraic faoi bheagán bíonn sé mí-ionraic faoi mhórán freisin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara An té a bhíos dílis san rud is lugha bíonn sé dílis fosta i rud níos mó, agus an té a bhíos mí-ionnraic san bheagán, bíonn sé mí-ionnraic fosta san mhórán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An tí atá ionnruic sa ní is lúgha ata sé ionnruic a móran; agus gidh bé atá éagcórach sa ní is lugha atá se éagcórach a mórán mar an gcéadna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. An Bíobla Naofa 1981 An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. |
Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth?
Adubhairt a thighearna leis, Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis: do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna.
Adubhairt a thighearna leis Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis; do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna.
Agus adubhairt seisean leis, Is maith é sin, a sheirbhísigh mhaith: ó do bhís dílis sa mbeagán, bíodh cumhacht agat ar dheich gcathrachaibh.
Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann.
Agus le linn an tsuipéir, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót Shíomóin, é do bhrath,
Agus i ndiaidh an ghiota, do chuaidh Sátan isteach ann, agus adubhairt Íosa leis, An nidh atá le déanamh agat, déan gan mhoill é.