Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eabhraigh 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, a bhráithre naomhtha, a rannpháirtidhthe san ngairm neamhdha, breathnuighidh Abstal agus Árd‐Shagart an chreidimh admhuighmíd, Íosa Críost;

2 do bhí dílis do’n té d’órduigh é, mar bhí Maois ’n‐a thigh‐sean uile.

3 Óir do measadh gurbh fhiú eisean onóir san mbreis ar Mhaois, san méid gur mó an onóir atá ag dul do’n té do thóg an teach ’ná do’n tigh féin.

4 Óir do thóg duine éigin gach teach; acht is é Dia do thóg gach a bhfuil ann.

5 Agus go dearbhtha, do bhí Maois dílis mar sheirbhíseach ’n‐a thigh‐sean uile, chum fiadhnaise do thabhairt ar na neithibh do bhí le h’innsin ’n‐a dhiaidh sin;

6 acht is amhlaidh atá Críost mar Mhac os cionn tighe Dé; agus is sinne a theach‐san, acht ár muinighin agus an dóchas atá mar adhbhar glóire againn do chongbháil go daingean go deireadh.

7 Uime sin, mar deir an Spiorad Naomh, Indiu, má chluineann sibh a ghuth,

8 Ná cruadhuighidh bhúr gcroidheacha, amhail le linn na ceannairce, Amhail i lá an chathuighthe san bhfásach,

9 San áit ’n‐a ndearna bhur sinnsir frómhadh orm, Agus ’n‐a bhfacadar m’oibreacha ar feadh dhá fhichid bliadhan.

10 D’á bhrigh sin do bhíos i bhfeirg leis an ngeinealach úd; Agus adubhart, Bíonn siad i gcómhnaidhe ag dul amudha ’n‐a gcroidhe: Agus do bhíodar gan eolas ar mo shlighthibh;

11 Mar mionnuigheas im’ fheirg, Ní rachaidh siad isteach im’ shuaimhneas.

12 Tabhraidh aire, a bhráithre, ar eagla go mbéadh droch‐chroidhe dí‐chreidmheach am ar bith i n‐aon duine agaibh, go dtréigfeadh sibh an Dia beo:

13 acht bidhidh ag brostú a chéile lá i ndiaidh lae, a fhaid agus glaodhtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruadhóchaidhe aon duine

14 agaibh le meabhlaireacht an pheacaidh óir do rinneadh sinn rannpháirteach le Críost, acht go gcongbhuighmíd ár gcéad mhuinighin go deireadh;

15 a fhaid agus deirtear, Indiu, má chluineann sibh a ghuth, Ná chruadhuighidh bhur gcroidheacha, amhail le linn na ceannairce.

16 Óir ciarbh iad do chuala agus do rinne ceannairc? Nárbh iad‐san go léir tháinig as an Éigipt i n‐éinfheacht le Maois iad?

17 Agus cia leo go raibh Dia i bhfeirg ar feadh dhá fhichid bliadhan? Nárbh iad‐san do rinne peacadh iad, gur thuit a gcuirp san bhfásach?

18 Agus ciarbh iad gur dhearbhuigh sé dhóibh nach racaidís isteach ’n‐a shuaimhneas, acht iad‐san amháin do bhí easumhal?

19 Chímíd, d’á bhrigh sin, nár fhéadadar dul isteach ann mar gheall ar easbaidh creidimh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí