Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 14:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do labhair sé as samhlaoid leo‐san fuair cuireadh, nuair thug sé fá deara iad ag toghadh na suidheachán do b’fhearr; agus adubhairt sé leo,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ba ansin a dʼinis sé an fáithscéal do lucht na gcuirí, nuair a thug sé faoi deara an dóigh ar mhaith leo tosaíocht áite a bheith acu, agus is é a dúirt sé leo,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus labhair sé fáithscéal fosta leis na daoine a fuair cuireadh, ag tabhairt fá dear na dóighe ar thogh siad na chéad suidheacháin ag an tábla, ag rádh leo:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do laibhair sé cosamhlachd ris an muinntir thainic ar cuireadh, ar na thabhairt dá aire mar do bhádar ag togha an chedionuidshuighe; ag rádh riú,

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Dubhairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair cuireadh nuair a chonaic sé iad ag dul suas ins na suidhchánaibh uachtaracha.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo:

Féach an chaibidil



Lúcás 14:7
12 Tagairtí Cros  

Do labhair Íosa na neithe sin uile leis na sluaightibh i samhlaoidibh; agus nior labhair sé leo‐san acht i samhlaoidibh:


agus méaduighid scothóga a mbrat, agus is maith leo na h‐áiteanna is fearr ins na fleadhannaibh, agus na suidheacháin tosaigh ins na sionagógaibh,


Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir is breagh libh na suidheacháin uachtaracha ins na sionagógaibh, agus daoine ag beannú dhaoibh i n‐áiteannaibh an mhargaidh.


Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus gur mór aca go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áiteannaibh na margadh, agus na suidheacháin tosaigh d’fhágháil ins na sionagógaibh, agus na h‐ionada is fearr d’fhágháil ag fleadhannaibh;


gan éinnidh do dhéanamh tré mhian conspóide nó baothghlóire, acht le h‐umhlacht aigne measadh gach aoinneach gur fearr an duine eile ’ná é féin.


Do scríobhas chum na h‐eaglaise, acht Díotrefés, gur mian leis bheith ar tosach ’n‐a measc, ní ghlacann sé linn.