3 Eoin 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 An seanóir chum Gáius ionmhain, d’á bhfuil grádh agam san bhfírinne. 2 A chara ionmhain, is é mo ghuidhe go n‐éirighidh leat ar gach slighe agus go raibh deagh‐shláinte agat, do réir na sláinte atá ag t’anam. 3 Is mór an gáirdeachas do bhí orm nuair tháinig na bráithre chugam ag tabhairt fiadhnaise leo ar an bhfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siubhal san bhfírinne. 4 Ní mó an gáirdeachas bhíos orm ’ná a chlos go bhfuil mo chlánn ag siubhal san bhfírinne. 5 A chara ionmhain, is creideamhnach an méid atá d’á dhéanamh agat ar son na mbráthar agus ar son na ndeoraidhe, leis. 6 Thugadar‐san fiadhnaise ar do ghrádh i láthair na h‐eaglaise; agus ba mhaith a mhaise dhuit congnamh do thabhairt dóibh ar a n‐aistear ar shlighe dob’ fhiú Dia é; 7 óir is ar son an Ainme d’imthigheadar gan éinnidh do ghlacadh ó na Cineadhachaibh. 8 Uime sin ba cheart fáilte do chur roimh a leithéidibh, chum go mbéimís ’n‐ár gcómh‐oibrightheoiribh leis an bhfírinne. 9 Do scríobhas chum na h‐eaglaise, acht Díotrefés, gur mian leis bheith ar tosach ’n‐a measc, ní ghlacann sé linn. 10 D’á bhrigh sin, má thagaim, cuirfead i gcuimhin dó na gníomhartha atá d’á ndéanamh aige, ag labhairt ’n‐bhur n‐aghaidh as cainnt mhailísigh: agus ní n‐é amháin sin é, acht ní ghlacann sé féin na bráithre chuige, agus cuireann sé cosc leo‐san gur mian leo a dhéanamh, agus caitheann sé as an eaglais amach iad. 11 A chara ionmhain, ná déan aithris ar an olc, acht ar an mhaith. An té chleachtas an mhaith, is ó Dhia atá sé: an té chleachtas an t‐olc, ní fhaca sé Dia. 12 Atá deagh‐theist ag cách agus ag an bhfírinne féin ar Dhémetrius; agus do‐bheirimíd féin fiadhnaise, leis; agus atá a fhios agat gur fíor í ár bhfiadhnaise. 13 Is mór a lán do bhí agam le scríobhadh chugat, acht níorbh áil liom é do scríobhadh chugat le dubhach agus le peann: 14 acht atá súil agam go bhfeicfead gan mhoill thú, agus labharfaimíd béal le béal le chéile. Go raibh síothcháin leat. Beannuigheann na cáirde dhuit. Beannuigh do na cáirdibh as a n‐ainmneachaibh. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society