Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




3 Eoin 1:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 A chara ionmhain, is creideamhnach an méid atá d’á dhéanamh agat ar son na mbráthar agus ar son na ndeoraidhe, leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 A dhaoine na páirte, is maith dilis an mhaise daoibh é a ndéanann sibh do na bráithre, go háirithe na coimhthígh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 A dhearbhráthair ghradhuigh, is deighchreideamheach do ní tú gach a ndéun tú do na dearbhráuthribh, agus do dhéoraidhibh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 A bhráthair na páirte, is dílis a chruthaigh tú sa mhéid go ndearna tú gar do na bráithre, agus go háirithe nuair ba choimhthígh iad, a thug teastas ar do charthanacht i bhfianaise na hEaglaise go léir.

Féach an chaibidil Cóip




3 Eoin 1:5
13 Tagairtí Cros  

Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth?


Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imthigh sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaidheacht leo, agus do ghnóthuigh sé cúig tallanna eile.


Agus adubhairt an Tighearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallmhar, go gcuirfidh a thighearna é i mbun a theaghlaigh, chum go dtiubhraidh sé a gcuid bidh dhóibh i dtráth?


Agus ins na laethibh sin d’éirigh Peadar i lár na mbráithreach, (do bhí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiche),


go seasmhach san urnaighe; ag cabhrú leis na naomhaibh ’n‐a riachtainisibh; ag cleachtadh na féile.


Mar sin de, do réir mar bhíos an uain againn, déanaimís an mhaith do’n uile dhuine, go mórmhór do lucht tighe an chreidimh.


Agus cibé nidh do‐ghní sibh, i mbriathar béil nó i ngníomh, déanaidh an uile nidh i n‐ainm an Tighearna Íosa, ag tabhairt buidheachais do Dhia tríd.


Ná déanaidh dearmad ar fháilte d’fhearadh roimh choimhthightheachaibh: óir g‐á dhéanamh sin, thug daoine


D’á bhrigh sin, má thagaim, cuirfead i gcuimhin dó na gníomhartha atá d’á ndéanamh aige, ag labhairt ’n‐bhur n‐aghaidh as cainnt mhailísigh: agus ní n‐é amháin sin é, acht ní ghlacann sé féin na bráithre chuige, agus cuireann sé cosc leo‐san gur mian leo a dhéanamh, agus caitheann sé as an eaglais amach iad.


Is mór an gáirdeachas do bhí orm nuair tháinig na bráithre chugam ag tabhairt fiadhnaise leo ar an bhfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siubhal san bhfírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí