Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




3 Eoin 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 A chara ionmhain, is é mo ghuidhe go n‐éirighidh leat ar gach slighe agus go raibh deagh‐shláinte agat, do réir na sláinte atá ag t’anam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 A dhuine ghrámhair, guím rath agus sláinte ort; tá a fhios agam go bhfuil rath anama ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 A dhearbhráthair grádhuigh, do bfearr leam ar tús go bhfaghthá séun agus sláinte, amhuil atá séun ar thanam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 A bhráthair na páirte, guím rathúnas ort in iomlán do ghnóthaí, agus sláinte, fearacht an rathúnais anama atá ort cheana féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 A bhráthair na páirte, guím rathúnas ort in iomlán do ghnóthaí, agus sláinte, fearacht an rathúnais anama atá ort cheana féin.

Féach an chaibidil Cóip




3 Eoin 1:2
19 Tagairtí Cros  

Acht nuair do‐chuala seisean é, adubhairt sé, Ní h‐iad‐san atá slán ag a bhfuil gábhadh le liaigh, acht iad atá breoite.


agus go deimhin bhí sé tinn i riocht báis; acht do rinne Dia trócaire air, agus ní h‐airsean amháin, acht orm‐sa, leis, chum nach mbéadh doilgheas os cionn doilgheasa orm.


Nár ab é a leas féin amháin bhéas mar chúram ar aon duine agaibh, acht bíodh gach duine agaibh ag féachain chum leasa daoine eile, leis.


Is dual dúinn buidheachas do thabhairt go síor, do Dhia ar bhur son‐sa, a bhráithre, mar is cuibhe, de bhrigh go bhfuil bhur gcreideamh ag dul i neart, agus grádh gach duine agaibh d’á chéile ag méadú go mór;


Acht is dual dúinn buidheachas do thabhairt do Dhia go síor ar bhur son‐sa, a bhráithre ionmhain leis an Tighearna, de bhrigh gur thogh Dia ó thosach sibh chum slánuighthe tré naomhú an Spioraid, agus tré chreideamh san bhfírinne.


Acht thar gach nidh, a bhráithre, ná tabhraidh mionn ar bith, ag dearbhú ar neamh, nó ar thalamh, nó ar aon nidh eile: acht abraidh, Is eadh, amháin, nó, Ní h‐eadh, le fíre, gan tuilleadh do rádh, ar eagla go dtuitfeadh sibh fá bhreitheamhnas.


Thar gach nidh eile bíodh dian‐ghrádh agaibh d’á chéile: óir cuireann an grád clúdach ar a lán mór peacaidhe.


Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén.


An seanóir chum Gáius ionmhain, d’á bhfuil grádh agam san bhfírinne.


Is eol dom t’anró, agus do bhochtaine (acht atáir saidhbhir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaigh iad, agus nach eadh, acht gur sionagóg Shátain iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí