Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




3 Eoin 1:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Ní mó an gáirdeachas bhíos orm ’ná a chlos go bhfuil mo chlánn ag siubhal san bhfírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Níl lúcháir orm is mó ná sin, a chluinstin go mbíonn mo chlannsa ag leanúint den fhirinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ní bhfuil gáirdeachas agum as mó ná so eadhon go gcluinim go bhfuilid mo chlann, ag suibhal sa bhfírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann sa bhfírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann san fhírinne.

Féach an chaibidil Cóip




3 Eoin 1:4
18 Tagairtí Cros  

Anois, chum cúiteamh de’n tsaghas céadna do thabhairt damh‐sa (ag labhairt mar labharfainn lem’ cháirdibh féin atáim), bidhidh fairsing mar an gcéadna.


Acht nuair chonnacas nach rabhadar ág siubhal go díreach do réir fírinne an tsoiscéil, adubhras le Céfas ’n‐a bhfiadhnaise uile, Má chaitheann tusa do shaoghal, agus gur Iúdach thú, ar nós na gCineadhach, ní h‐é ar nós na nIúdach, cad chuige dhuit a chur d’fhiachaibh ar na Cineadhachaibh a saoghal do chaitheamh ar nós na nIúdach?


A chlann bheag, go bhfuilim i dtinneas clainne arís ’n‐bhur dtaobh nó go ngeintear Críost ionnaibh,


mar tá a fhios agaibh go rabhamar le gach duine agaibh mar bhéadh athair le n‐a chlainn féin, ag tabhairt meanman agus meisnigh dhaoibh,


chum Timóteuis, fíor‐mhac liom san gcreideamh: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTighearna.


chum Timóteuis, mac ionmhain liom: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost ár dTighearna.


atáim ag déanamh impidhe ort ar son mo mhic do gheineas im’ chuibhreachaibh, Onésimus,


A chlann bheag, atáim ag scríobhadh na neithe seo chugaibh chum nach ndéanfaidh sibh peacadh. Agus má ghníonn aoinneach peacadh, atá abhcóide againn i bhfochair an Athar, Íosa Críost fíréan:


Ba mhór an gáirdeachas do chuir sé orm cuid ded’ chlainn d’fhágháil ag siubhal san bhfírinne, do réir na h‐aithne fuaramar ó’n Athair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí