Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!
Lúcás 11:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus má atá Sátan deighilte ann féin, cionnas sheasfas a ríoghacht? óir adeir sibh‐se gur tré Bhelsibub chaithim‐se amach na deamhain. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus má dheighiltear Sátan ina éadan féin freisin, conas a sheasfaidh a ríochtsan? Mar deir sibhse go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus mar an gcéadna, má bhíonn Satan roinnte ina aghaidh féin, cad é mar sheasóchas a ríoghacht? Óir deir sibh-se gur tré Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mar an gcéada dá raibh Sátan roinnte na aghaidh féin, cionnas fhanfas a rioghachd na seasamh? oír a deirthísi gur ab trí Bheelsébúb theilgimsi amach na deamhain. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus má tá Sátan deighilte ’n-a choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasfaidh a ríocht?–ós dá rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. An Bíobla Naofa 1981 Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? - os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain. |
Is leor do’n deisceabal bheith mar a mhúinteoir, agus do’n tsearbhónta bheith mar a thighearna. Má thugadar Belsibub ar fhear an tighe, nach mó ’ná sin go mór do‐bhéarfaid ar mhuinntir a theaghlaigh é!
agus má chaitheann Sátan Sátan amach, atá seisean deaghailte ann féin; cionnas, d’á bhrigh sin, sheasfas a ríoghacht?
agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.
Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.
Acht do bhí cuid aca adubhairt, Is tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan, chaitheas sé na deamhain amach.