agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.
Lúcás 10:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean leo, Do chonnacas Sátan ag tuitim ó, neamh mar scail teinntrighe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ar seisean leo, “Chonaic mé Sátan ag titim ó neamh mar a bheadh caor thintrí ann. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Chonnaic mé Satan ag tuitim mar splainnc ó neamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sesion ríu, Do chonnairc mé Sátan marr theinnteach ag tuitim ó neamh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Bhíos ag féachaint ar Sátan nuair a thuit sé ó neamh mar a thuitfeadh splannc. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar a bheadh splanc. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar bheadh splanc. |
agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.
Anois atá breitheamhnas an tsaoghail seo ann; anois atá prionnsa an tsaoghail seo le ruagadh.
i dtaobh an bhreitheamhnais, de bhrigh go bhfuil breitheamhnas tabhartha ar phrionnsa an tsaoghail seo.
D’á bhrigh sin, ó tá an chlann rannpháirteach i bhfeoil agus i bhfuil, do ghlac sé féin, leis, páirt ionnta; chum go mbrisfeadh sé, de bhárr an bháis, chumhacht an té go raibh cumhacht an bháis aige, is é sin an diabhal;
an té do‐ghní peacadh, is duine de chlainn an diabhail é; óir atá an diabhal ag déanamh peacaidh ó thús. Chuige seo is eadh do foillsigheadh Mac Dé, chum go gcuirfeadh sé deireadh le h‐oibreachaibh an diabhail.
Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐nathair nimhe, gur ab é an Diabhal agus Sátan é, agus do cheangail sé míle bliadhain é,
Agus do shéid an cúigeadh h‐aingeal, agus do chonnacas réalta do thuit ó neamh anuas ar an talamh: