Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do shéid an cúigeadh h‐aingeal, agus do chonnacas réalta do thuit ó neamh anuas ar an talamh:

2 agus tugadh dhó eochair puill an duibheagáin. Agus d’fhoscail sé poll an duibheagáin; agus d’éirigh deatach ó’n bpoll, mar dheatach fóirnéise móire; agus do dhorchuigh an ghrian agus an t‐aer le deatach an phuill.

3 Agus tháinig lócaistí amach ó’n deatach ar an talamh; agus tugadh cumhacht dóibh, ar nós na cumhachta atá ag scoirpiúnaibh na talmhan.

4 Agus adubhradh leo gan dochar do dhéanamh d’fhéar na talmhan, ná d’aon nidh glas, ná d’aon chrann, acht do na daoinibh amháin nach bhfuil séala Dé ar chláraibh a n‐éadan.

5 Agus tugadh de chumhacht dóibh, ní h‐é iad do mharbhadh, acht iad do chiapadh ar feadh cúig mhí: agus an phian do rinneadar, bhí sí cosmhail leis an bpéin do‐ghní scoirpiún ag cur a ghaoi i nduine dhó.

6 Agus ins na laethibh sin béidh na daoine d’iarraidh bás d’fhágháil, agus ní bhfaighidh siad é; agus béidh siad ag súil le bás d’fhágháil, agus teichfidh an bás uatha.

7 Agus do bhí na lócaistí cosmhail le h‐eachaibh gléasta chum cogaidh; agus do bhí ar a gceannaibh mar bhéadh coróineacha óir, agus do bhí a n‐aighthe cosmhail le h‐aighthibh daoine.

8 Agus do bhí gruaig aca mar ghruaig na mban, agus do bhí a bhfiacla cosmhail le fiaclaibh na leomhan.

9 Do bhí ucht‐chláir ortha do bhí cosmhail le h‐ucht‐chláraibh iarainn; agus do bhí fuaim a sciathán cosmhail le fuaim carbad fá n‐a lán capall ag rith chum catha.

10 Do bhi earbaill do bhí cosmhail le scoirpiúnaibh, agus gatha aca; agus is ins na h‐earballaibh atá a gcumhacht chum bheith ag gortú daoine ar feadh cúig mhí.

11 Atá aingeal an duibheagáin mar righ os a gcionn. Abaddón is ainm dó i nEabhrais, agus tugtar Apóilleon mar ainm air i nGréigis.

12 Atá an chéad mhairg thart: féach, atá dhá mhairg eile le teacht fós.

13 Agus do shéid an séamhadh h‐aingeal, agus do chualas an glór ag teacht ó adharcaibh na h‐altóra óir atá os cómhair Dé,

14 g‐á rádh leis an séamhadh h‐aingeal ag a raibh an stoc, Scaoil na ceithre h‐aingle atá fá cheangail ag an abhainn mhóir, Eúfrátes.

15 Agus do scaoileadh na ceithre h‐aingle do bhí ullmhuighthe fá chómhair na h‐uaire, agus an lae, agus na míosa, agus na bliadhna, chum an treas cuid de na daoinibh do mharbhadh.

16 Agus dob’ é áireamh marc‐shluaigh an airm fiche míle fó dheich mílte: óir do chualas a n‐áireamh.

17 Agus is mar seo do chonnacas na h‐eich san taidhbhreamh, agus na marcaigh do bhí ar muin ortha, ucht‐chláir ar dhath teineadh agus fuatha muice agus ruibhe ortha: agus atá cinn na n‐each cosmhail le ceannaibh leomhan; agus tháinig teine agus deatach agus ruibh as a mbéalaibh amach.

18 Is leis na trí pláigheannaibh seo, leis an teinidh, agus leis an deatach, agus leis an ruibh tháinig as a mbéalaibh, do marbhadh an treas cuid de na daoinibh.

19 Óir is ’n‐a mbéalaibh agus ’n‐a h‐earballaibh atá cumhacht na n‐each: óir atá a n‐earbaill cosmhail le nathrachaibh nimhe, agus atá cinn ortha; agus is leo‐san do‐ghní siad an dochar.

20 Agus an chuid eile de na daoinibh do fágádh gan marbhadh leis na pláighibh seo, ní dhearnadar aithrighe i h‐oibreachaibh a lámh, chum nach ndéanfaidís adhradh d’íodhalaibh óir, agus airgid, agus práis, agus cloiche, agus adhmaid: atá gan radharc, gan éisteacht, gan neart siubhail:

21 agus ní dhearnadar aithrighe ’n‐a ndúnmharbhthaibh, ná ’n‐a bpisreogaibh, ná ’n‐a striapachas, ná ’n‐a ngadaidheacht.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí