Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 1:71 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Le n‐ár saoradh ó n‐ár náimhdibh, agus ó láimh na ndaoine thug fuath dhúinn;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

go mbeimis dár saoradh ónár naimhde, agus ó lucht ár bhfuatha;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Go saorfadh sé sinn ó n-ár náimhde, agus ó láimh gach aoin dá dtug fuath dúinn,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ga gcuimhdéochadh sé sinn ó ar naimhdibh, agus ó láimh gach uile dhuine agá bhfuil fúath dhuinn;

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Saoradh dhúinn ó n-ár namhaid, agus ó láimh gach n-aon a thug fuath dhúinn,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

mar shaoradh dúinn ónár naimhde agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

mar shaoradh dúinn ónár naimhde agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn,

Féach an chaibidil



Lúcás 1:71
19 Tagairtí Cros  

Go moltar an Tighearna, Dia Israel; Óir do chumhduigh sé a mhuinntear agus do‐rinne sé fuascailt dóibh,


Go dtiubhradh sé dhúinn go saorfaidhe sinn ó láimh ár námhad Chum go ndéanfaimís seirbhís gan eagla dhó


an té do‐ghní peacadh, is duine de chlainn an diabhail é; óir atá an diabhal ag déanamh peacaidh ó thús. Chuige seo is eadh do foillsigheadh Mac Dé, chum go gcuirfeadh sé deireadh le h‐oibreachaibh an diabhail.