Ar dtús, do‐bheirim buidheachas dom’ Dhia tré Íosa Críost ar bhur son‐sa uile, de bhrigh go bhfuil tuairisc bhur gcreidimh scaipthe ar fud an domhain ar fad.
Filéamón 1:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do‐bheirim buidheachas lem’ Dhia, ag cuimhneamh i gcómhnaidhe ort im’ urnaighthibh, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Níl am dá gcuimhním ort do do chur faoi bhri mo ghui nach mbim ag tabhairt buíochais do mo Dhia An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Beirim buidheachus rém Dhía, ag sior chuimhneadh ortsa um urnuighibh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i mʼurnaithe. An Bíobla Naofa 1981 Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m'urnaithe. |
Ar dtús, do‐bheirim buidheachas dom’ Dhia tré Íosa Críost ar bhur son‐sa uile, de bhrigh go bhfuil tuairisc bhur gcreidimh scaipthe ar fud an domhain ar fad.
ní scuraim de bheith ag breith buidheachais ar bhur son, ag cuimhneamh oraibh im’ urnaighthibh;
Do‐bheirimíd buidheachas le Dia, Athair ár dTighearna Íosa Críost, ag guidhe i gcómhnaidhe ar bhur son,
Do‐bheirimíd buidheachas le Dia de shíor ’n‐bhur dtaobh‐na go léir, ’g‐bhur luadh ’n‐ár n‐urnaighthibh:
Is dual dúinn buidheachas do thabhairt go síor, do Dhia ar bhur son‐sa, a bhráithre, mar is cuibhe, de bhrigh go bhfuil bhur gcreideamh ag dul i neart, agus grádh gach duine agaibh d’á chéile ag méadú go mór;
Do‐bheirim buidheachas le Dia, d’á ndéanaim seirbhís le coinsias glan, fá mar rinne mo shinnsir, go mbím ag síor‐chuimhneamh ort im’ urnaighthibh d’oidhche agus de ló,
toisc gur clos dom an creideamh atá agat do’n Tighearna Íosa, agus do ghrádh do na naomhaibh go léir;