Filipigh 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Pól agus Timóteus, seirbhísigh Íosa Críost, chum na naomh uile i nÍosa Críost atá i bhFilipí, maille leis na h‐easbogaibh agus leis na deochanaibh: 2 Grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. 3 Do‐bheirim buidheachas lem’ Dhia gach uair chuimhnighim oraibh, 4 ag guidhe i gcómhnaidhe le gáirdeachas i ngach athchuinghe ar son an uile dhuine agaibh, 5 as ucht bhur gcómhcháirdeasa i ngnó an tsoiscéil ó’n gcéad lá go dtí anois; 6 agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do thosnuigh ar obair mhaith ionnaibh, go gcóimhlíonfaidh sé go ló Íosa Críost é; 7 óir is ceart dom bheith ar an intinn sin ’n‐bhur dtaobh uile, de bhrigh go bhfuil sibh im’ chroidhe agam, óir im’ chuibhreachaibh, agus ag pléidhe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á dhaingniú, atá sibh uile rannpháirteach i ngrása liom. 8 Óir is é Dia m’fhiadhnaidhe ar an dúil mhóir chuirim ionnaibh go léir le caomh‐ghrádh Íosa Críost. 9 Agus is é mo ghuidhe go méadóchar bhur ngrádh go mór i n‐eolas agus i ngach saghas tuigseana; 10 chum go ndearbhuighidh sibh na neithe is fearr; chum go raibh sibh fíor‐ghlan, gan locht ar bith i gcómhair lae Chríost; 11 líonta de thoradh na fíréantachta, chum glóire agus adhmholta Dé. 12 Ba mhaith liom a chur i bhfios daoibh, a bhráithre, na neithe thárla dhom, gurbh fhearr do chuaidh an soiscéal ar aghaidh d’á mbárr; 13 ar chuma gur léir do lucht an phraetórium, agus do gach aoinneach eile, gur ar son Chríost atá na cuibhreacha orm; 14 agus go bhfuil furmhór na mbráthar san Tighearna níos daingne go mór ag labhairt briathair Dé gan eagla, agus breis meisnigh ag teacht ortha de bhárr mo chuibhreach. 15 Is fíor go bhfuil dream ann sheanmóruigheas Críost tré fhormad agus le mian conspóide; agus dream eile do‐ghní ó dheagh‐thoil é; 16 do‐ghní dream tré ghrádh é, agus a fhios aca gur cuireadh mé chum cúis an tsoiscéil do phléidhe: 17 acht is amhlaidh fhógras an aicme eile Críost ó mhian aighnis, ní le h‐ionnracas é, ag súil le tuilleadh anró do thabhairt dom im’ chuibhreachaibh. 18 Cia an cás é? acht amháin go bhfógartar Críost ar gach slighe, is cuma cia aca le cur i gcéill nó le fírinne é; agus d’á bhrigh sin do‐ghním gáirdeachas, agus déanfad é. 19 Óir is eol dom go rachaidh sin chum slánuighthe dhom, de bhárr bhur n‐urnaighthe agus tré chongnamh Spioraid Íosa Críost, 20 do réir mar tá súil agus dóchas mór agam nach gcurfar náire orm fá rud ar bith, acht anois, mar bhí ariamh, go nglóireochar Críost im’ cholainn le lán‐dearbhthacht, má’s lem’ bheathaidh, nó lem’ bhás é. 21 Óir, im thaobh‐sa, má’s beo dhom, Críost is eadh é, agus má’s marbh dhom, tairbhe is eadh é. 22 Acht bheith ar marthain san gcolainn — má’s luach saothair dom é, cia an rogha dhéanfad, ní féidir liom a rádh. 23 Atáim idir an dá rogha, ag dúil le h‐imtheacht agus bheith i bhfochair Chríost; 24 mar is fearr sin go mór; acht is mó is riachtanach daoibh‐se go bhfanfainn san gcolainn. 25 Agus ó táim cinnte dhe sin, atá a fhios agam go bhfanfad agaibh‐se uile, chum sibh do chur ar aghaidh, 26 agus chum bhur n‐áthais san gcreideamh; chum gur méadú meanman daoibh i nÍosa Críost mo theacht ’n‐bhur láthair arís. 27 Acht amháin caithidh bhur saoghal mar d’oirfeadh do shoiscéal Chríost; ar chuma, cia aca thigim agus chím sibh, nó bhím as láthair, go mbéidh a fhios agam ’n‐bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh i n‐aon spiorad amháin, sibh ar aon‐intinn amháin ag déanamh lán bhur ndíchill ar son creidimh an tsoiscéil; 28 gan aon eagla bheith oraibh roimh an dream chuireas ’n‐bhur gcoinnibh: rud atá mar chómhartha cinnte a mbasctha dhóibh‐sean, acht atá mar chómhartha slánuighthe dhaoibh‐se, agus sin ó Dhia; 29 toisc go bhfuil bronnta oraibh‐se, ar son Chríost, ni h‐é amháin creideamhain ann, acht fulang ar a shon, leis: 30 ag troid an chómhraic chéadna dhaoibh do chonnaic sibh agus chluineas sibh bheith ionnam‐sa anois. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society